Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 144
•
Chuir TIBÉ le nuachtlitir FÉ, a bhfuil breis agus 9,500
síntiúsóir aige, ag cur daoine ar an eolas faoi Straitéis
Languages Connect agus faoi ról Fhiontraíocht Éireann,
mar aon le hobair leanúnach TIBÉ i seachadadh na
straitéise. Aibhsíodh deiseanna comhoibrithe
féideartha fosta.
•
Chun an pobal a chur ar an eolas faoin ngá atá le
scileanna teanga as Éirinn chun rath eacnamaíoch a
chinntiú sa todhchaí, chomhoibrigh TIBÉ le Helen
McMahon, Comhairleoir Beartais Straitéise Sinsearach i
bhFiontraíocht Éireann ar alt meán a bhí i forlíonadh
speisialta de chuid an Irish Times. Ba é “How foreign
language education can influence Irish business growth
and talent development” teideal an ailt. Ag obair go
comhoibritheach ar phríomhsheoladh teachtaireachtaí
agus ar an gcóip dheireanach, cinntíodh gur tugadh an
teachtaireacht go bhfuil gá le scileanna teanga iasachta
do ghnólachtaí, do lucht léite níos leithne. Ba dheis é
fosta obair thábhachtach Fhiontraíocht Éireann agus
TIBÉ a aibhsiú sa phreas náisiúnta. Roinneadh an t-alt i
gcló, ar líne agus ar fud meán sóisialta Fhiontraíocht
Éireann, Languages Connect agus BusinessNews.ie.
Scaipeadh é freisin i gcomhdháil NAPD, ar fhreastail
breis agus 800 duine uirthi.
144
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -