Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 145
Comórtas Scileanna Gairme le CareersPortal.ie
Sa bhlian 2024, chomhoibrigh TIBÉ le
CareersPortal.ie arís eile chun catagóir
thiomnaithe do theangacha a fhás sa
chomórtas náisiúnta Scileanna Gairme na
scoláirí, ag spreagadh na scoláirí chun taithí
oibre a fháil ina mbíonn teangacha ag
teastáil. Comórtas náisiúnta is Career Skills
forbartha ag CareersPortal.ie chun scoláirí
dara leibhéal a spreagadh chun machnamh
a dhéanamh ar na scileanna gairme a
forbraíodh le linn socrúcháin taithí oibre
agus chun gairm bheatha dá rogha féin a
fhiosrú. Ba í seo an dara bliain a thug
Languages Connect uarraíocht do chatagóir
dírithe ar scileanna teanga. I measc na gcomhpháirtithe fiontair eile tá AIB agus Fáilte Ireland. Cuireadh an
comórtas chun cinn ag imeachtaí éagsúla gairme agus oideachais agus ar líne, i gcaitheamh na bliana.
Tionchar:
•
Tá scoláirí ag éirí níos feasaí ar an tábhacht a bhaineann le scileanna teanga sa ghnó agus san
fhiontraíocht, rud a fhágann go bhfuil suim mhéadaithe i bhforbairt na scileanna seo acu
•
D’éascaigh rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara tionscail tuiscint níos fearr ar riachtanais scileanna
teanga, rud a chuir ar chumas TIBÉ cláir agus teachtaireachtaí scoláirí ábhartha a thuiscint agus a ailíniú le
riachtanais an tionscail
•
Tá deis tughta ag aird sna meáin náisiúnta an comhrá a thosú le príomhpháirtithe leasmhara faoi chinntiú
go seasfaidh gnólachtaí na hÉireann an aimsir le scileanna teangacha iasachta.
•
Thug catagóir teanga sa chomórtas Scileanna Gairme dearbhú agus aitheantas do na scoláirí as a gcumas
teanga, rud a spreag iad chun na scileanna seo a fhorbairt a thuilleadh
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh leis an gcomhoibriú agus leis an nuálaíocht sa réimse seo chun scoláirí a ullmhú le bheith
rathúil i dtírdhreach gairmiúil ilteangach domhanda.
•
Lean ar aghaidh ag cur le comhpháirtíochtaí reatha agus súil a choinneáil amach do pháirtithe leasmhara
ábhartha eile ar féidir leo tacaíocht a thabhairt.
•
Oibrigh leis na gníomhaireachtaí fiontair chun teachtaireachtaí a chomhordú maidir le tábhacht
teangacha iasachta do chomhlachtaí cliaint.
•
Lean ar aghaidh le cur chun cinn na n-acmhainní ‘Comhpháirtíochtaí le Fostóirí agus ‘Domhan na hOibre’,
mar aon leis an bpaca gníomhaíochtaí ‘Ag Obair le Teangacha’ i scoileanna
•
Cuir an earnáil fiontraíochta ar an eolas faoi luach teangacha do phoist, trí ábhar físe, cuairteanna scoile,
agus seimineáir, mar shampla
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
145