Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 147
Sprioc 4 – Ag Dul Chun Cinn
Tugann foilsiú ‘Tuarascáil Eatramhach Athbhreithnithe agus Plean Chur i bhFeidhm
Languages Connect go dtí 2026’ deis do TIBÉ dul i dteagmháil arís leis na gníomhaireachtaí
fiontair chun teachtaireachtaí a chomhordú maidir le tábhacht na dteangacha iasachta do
chomhlachtaí cliaint. Beidh ar TIBÉ oibriú leis na gníomhaireachtaí seo freisin chun rochtain
a fháil ar chomhlachtaí san earnáil fiontraíochta chun críche taighde, chun luach scileanna
teanga agus foghlama teanga d’fhostóirí a chinneadh.
Ba cheart cur chuige níos trasearnála a ghlacadh i leith an chur i bhfeidhm. Ní mór an
tábhacht a bhaineann le foghlaim teanga i bhforbairt scileanna a bheidh ag teastáil ón
bhfórsa saothair amach anseo amhail inniúlacht idirchultúrtha, ionbhá, agus
inoiriúnaitheacht, atá chomh tábhachtach sin i gcomhthéacs na saoránachta domhanda, a
aithint i gcomhthéacs an ardoideachais agus na fiontraíochta. Tá saoránaigh dhomhanda
ag teastáil ó Éirinn atá ilteangach agus a bhfuil inniúlacht láidir idirchultúrtha acu atá in
ann dul i ngleic le comhthéacsanna cultúrtha éagsúla agus ní mór an teachtaireacht seo a
neadú lasmuigh den scoil. Cé gur úsáideadh iompórtáil scileanna teanga ó thar lear chun
ganntanas scileanna a líonadh, is beag a dhéanann sé seo chun cur le scileanna teanga nó
idirchultúrtha an lucht saothair náisiúnta i gcoitinne.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
147