Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 148
Rialachas agus Freagrachtaí
Fanann freagracht iomlán Rialachais Chorporáideach do TIBÉ leis an Aonad um Beartas Curaclaim agus
Measúnachta (CAP) sa Roinn Oideachais. Sa chomhthéacs seo, aontaítear leibhéal seirbhíse agus seachadadh
feidhmiúcháin le CAP agus déantar athbhreithniú bliantúil air tar éis comhairliúcháin agus aontaithe.
Cuirtear rialúchán i gcrích de réir Cód Athbhreithnithe Cleachtas do Rialúchán Comhlachta Stáit (2016) taobh
istigh de na srianta atá ar stádas reatha TIBÉ. Agus a gcuid feidhmithe á ndéanamh maidir le cur i bhfeidhm
na gníomhartha cuí i bPlean Cur i bhFeidhm Languages Connect, tá TIBÉ in oiriúint leis na cóid chleachtais
agus treoir a leanas de réir mar is cuí: Cód Athbhreithnithe Cleachtas do Rialúchán Comhlachta Stáit leasuithe
2016 agus 2022; Acht na Nochtuithe (Leasú) Cosanta 2022, a leathnaíonn scóp an Acht Leasaithe w.e.f 1
Eanáir 2023; oibleagáidí na gcomhlachtaí poiblí faoi Roinn 25 den Acht Míchumais agus Oibleagáidí
Reachtúla um Rochtain ar Shuíomhanna Gréasáin/Aipeanna ag éirí as S.I 358 i 2020.
De réir uasdátú 2019 maidir le comhlíonadh An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015, tá tiomantas seirbhíse
socraithe ag TIBÉ don Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus freisin do Threoirlínte Náisiúnta um Thús Áite
do Leanaí. San áireamh ansin tá Ráiteas Cosanta Leanaí; socruithe tuairiscithe chun riachtanais tuairiscithe an
Achta a léiriú; Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí 2017; agus gnásanna tuairiscithe chun tuairisc a
dhéanamh do Tusla faoi aon chúram cosanta leanaí a thugtar chun aird ball foirne nó pearsanra ar bith de
chuid TIBÉ.
Cinntíonn TIBÉ go gcomhlíontar gach oibleagáid cuí, san áireamh ansin tá an Rialachán Ginearálta maidir le
Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (RGCS/GDPR), Saoráil Faisnéise (SF/FOI), cur chuige struchtúrtha maidir le rialú
riosca TF agus cibearshlándáil, iniúchóireacht inmheánach agus an Cód Caiteachais Phoiblí
Timpeallacht Oibríochta
Is áisínteacht neamhthráchtálach é TIBÉ atá maoinithe ag an státchiste, ag oibriú faoi chomhaontú seirbhísí le
hInstitiúid Oideachais Marino chun críche acmhainní daonna, párolla, seirbhísí airgeadais agus riaracháin.
Socruithe Maoinithe/Bainistíocht Airgeadais
Tugann an Roinn maoiniú do TIBÉ do chur i bhfeidhm na ngníomhartha cuí sa straitéis a thacaíonn le forbairt
bhreise agus le héagsúlú teagaisc agus foghlama teangacha iasachta i gCóras Oideachais na hÉireann.
Cuireann TIBÉ sonraí dá riachtanais mhaoinithe agus cáipéisíocht tacaíochta ar fáil don Roinn.
Tá TIBÉ tiomanta do leithdháileadh na maoinithe taobh istigh den bhuiséad aontaithe, agus gabhann TIBÉ
orthu féin go gcomhlíonfaidh siad gach treoir de chuid an Roinn Caiteachais Phoiblí, treoirlínte Seachadta
agus Leasaithe an Phlean Forbartha Náisiúnta, treoirlínte na Roinne, reachtaíocht agus ciorcláin chuí,
reachtaíocht chánach, fostaíocht, íocaíocht phras ar chuntais agus gach reachtaíocht eile cuí do
Chomhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón státchiste.
Tugtar maoiniú de réir ghnásanna airgeadais phoiblí a thugann creat tábhachtach uileghabhálach maidir le
bainistíocht na maoinithe. Dearbhaíonn TIBÉ go gcomhlíonann sé an treoir maidir le íocaíocht amach
deontais ón státchiste, a dtugtar achoimre air i gCiorclán 13/2014 de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí
agus Athchóirithe, agus le riachtanais /gnásanna/ ciorcláin /rialacháin /reachtaíocht eile airgeadais mar a
leagtar síos ó am go ham. Dearbhaíonn Stiúrthóir TIBÉ go gcomhlíonann TIBÉ riachtanais comhlíonta
airgeadais an Chóid Chleachtais do Rialachais Comhlachtaí Poiblí mar atá socraithe do TIBÉ.
Tugann TIBÉ aiseolas agus uasdátuithe ar iniúchóireachtaí a dhéantar don Roinn.
148
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -