Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 149
Socruithe Tuairiscithe agus Monatóireachta
Déanann Grúpa Comhairleach Teangacha Iasachta (FLAG), agus foghrúpa Iar-bhunscoile FLAG, maoirseacht ar
obair TIBÉ maidir leis na gníomhartha leagtha síos i straitéis Languages Connect a chur chun cinn. Ar FLAG tá
ionadaithe ón Roinn, óna Áisíneachtaí, TIBÉ agus páirtithe seachtracha leasmhara. Tugann TIBÉ uasdátú ar
gníomhartha in Languages Connect as a bhfuil sé freagrach as FLAG agus na foghrúpaí de réir mar is cuí.
Tugann na coistí comhairle agus tacaíocht nuair is cuí do TIBÉ agus an Roinn Oideachais; tugann siad fóram le
haghaidh plé ar chur i bhfeidhm polasaí reatha, agus tugann siad comhairle don Roinn maidir le
treo/tosaíochtaí don straitéis teangacha iasacht sa todhchaí; tugann siad príomhpháirtithe leasmhara le chéile
chun comhairle a thabhairt ó raon dearcthaí chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise; agus monatóireacht a
dhéanamh ar dhul chun cinn rolladh amach gnéithe/gníomhartha den pholasaí sa Straitéis agus Plean Cur i
bhFeidhm.
Ball den Chigireacht sa Roinn Oideachais atá ina cathaoirleach ar FLAGPP, Maria Lorigan an cathaoirleach
reatha, ar ionadaí na Cigireachta í ar FLAG. Cuireann TIBÉ an rúnaíocht ar fáil. San áireamh i mballraíocht an
fhochoiste iar-bhunscoile, tá ionadaithe FLAG mar aon le saineolaithe eile cuí.
Baill an Choiste FLAGPP
An Chigireacht, an Roinn Oideachais
Maria Lorigan
An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnachta (CAP)
Leona De Khors, Lorcán Ó hAlmhain
TIBÉ
Karen Ruddock
ITE, Ollscoil Mhá Nuad
Céline Healy, Ph. D.
ITE, Coláiste na hOllscoile, BÁC
Eileen Bowman, Ph. D.
CNPPT
Sarah-Jane Willis
CNCM
Elisabeth Butler
CSS
Margaret Carter
Líonraí Gairmiúil na Múinteoirí
Mairéad O’Driscoll
Saineolaí Teangacha
Mary Kenny
Saineolaí Teangacha
Ian Collen, Ph. D.
Saineolaí Teangacha
Jean Conacher, Ph. D.
Ullmhaíonn TIBÉ Plean Oibre Bliantúil don Aonad um Beartas Curaclaim agus Measúnachta, ag tabhairt
achoimre ar ghníomhartha polasaí a bhfuil freagracht acu as in aon bhliain faoi leith, agus conas a bhainfear
amach cur i bhfeidhm. Bíonn cruinnithe rialachais idir an tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnachta
agus TIBÉ trí huaire sa bhliain ar a laghad, agus tugann stiúrthóir TIBÉ agus/nó a (h)ainmní uasdátuithe don
Aonad um Beartas Curaclaim agus Measúnachta ar gach ábhar cuí.
Mar aon leis an bPlean Oibre Bliantúil, ullmhaíonn TIBÉ an tuarascáil bhliantúil seo ag tabhairt sonraí faoi chur i
bhfeidhm ghníomhartha polasaí TIBÉ sa bhliain roimhe. Tá TIBÉ tiomanta do chóras inmheánach chun
monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus chun toradh na monatóireachta a thuairisciú don Roinn sna
Cruinnithe Rialachais.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
149