Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 16
Scéimeanna Maoinithe a théann i ngleic le
Ganntanas Múinteoirí Teanga
Uasoiliúint curtha ar 3 Mhúinteoir NTI
Gníomh 1.B.1
3 Mhúinteoir cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Léargas ginearálta:
Bainistíonn TIBÉ scéimeanna maoinithe chun dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí teanga cáilithe atá in
Éirinn faoi láthair. Tugann an Scéim Uasoiliúna Múinteoirí NTI deis do mhúinteoirí NTI uasoiliúint a fháil i
dteanga a bhfuil cáilíocht acu ann ach nach bhfuil á teagasc acu faoi láthair, nó nach bhfuil á teagasc go
hiomlán. Le huasoiliúint teanga, seans go mbeidh an múinteoir in ann an teanga a thabhairt isteach ina scoil
nó cur le soláthar na teanga laistigh den scoil.
Cuireann Scéim Mhaoinithe na Comhairle Múinteoireachta maidir le hEasnamh sna Critéir Chlárúcháin
maoiniú ar fáil do mhúinteoirí a bhfuil líon beag creidiúintí in easnamh acu, chun cabhrú leo critéir na
Comhairle Múinteoireachta a chomhlíonadh le bheith cáilithe mar mhúinteoirí teanga in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Cur le líon agus cumas na múinteoirí teanga cáilithe agus cláraithe in Éirinn
•
Tá sé mar aidhm ag Scéim Uasoiliúint Mhúinteoirí NTI múinteoirí atá cáilithe i scoileanna cheana féin a
chur ag obair agus éascaíocht a dhéanamh ar thabhairt isteach teanga nua nó leathnú ábhar teanga i
scoileanna
•
Tá sé mar aidhm ag Scéim Mhaoinithe na Comhairle Múinteoireachta maidir le hEasnamh sna Critéir
Chlárúcháin múinteoirí a éascú le bheith incháilithe don chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Gníomhaíocht:
Scéim Uasoiliúint Mhúinteoirí NTI
San iomlán, faomhadh 79 iarratas ar mhaoiniú ó thús na scéime in 2018. In 2024, ghlac triúr múinteoirí le
deiseanna uasoiliúna faoin scéim. Tá an scéim oscailte le haghaidh iarratas go leanúnach.
Tionchar:
I measc na mbuntáistí do na scoileanna atá páirteach, tá an cumas teanga nua a thabhairt isteach, agus
forbairt ar acmhainn bhreise teagaisc. De réir na múinteoirí a bhfuil cúrsa uasoiliúna déanta acu, ba é an
muinín a fuair siad an toradh ba luachmhaire dóibh.
‘Chuidigh sé liom
aghaidh a thabhairt ar
Mheán Fómhair le muinín
agus an clár AT á sheoladh
i mo scoil.’
‘Beidh mé ag teacht
ar ais ar scoil i Meán Fómhair réidh
lenár n-ábhar nua a thabhairt isteach sa
dara bliain, agus muinín agus
creidiúnacht breise agam, agus an taithí
le gairid i dtír na sprioctheanga. Deis
iontach ó thús deireadh.’
16
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -