Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 18
Deiseanna Soghluaisteachta –
Maoiniú do Scéim na Malartuithe Scoile Gníomh
Gníomh 1.D.1
1.D.6
1.D.10
18 Malartú Scoile
Léargas ginearálta:
Cuireadh maoiniú do Scéim na Malartuithe Scoile ar fáil ar dtús in 2018. Cuirtear €5,000 in aghaidh na bliana ar
fáil, ar feadh trí bliana, do scoileanna faofa a cháilíonn, chun tacú le scoileanna agus chun iad a spreagadh
malartuithe nua a bhunú agus chun líon na rannpháirtithe i malartuithe reatha a mhéadú. Cuireadh tacaíocht
airgeadais ar fáil do nach mór 40 scoil ó 2018 agus tugadh tacaíocht do go leor scoileanna eile trí eolas agus
comhairle a chur ar fáil.
Príomhaidhmeanna:
•
Scoileanna a spreagadh le malartuithe nua a bhunú
•
Tacú le scoileanna a bhfuil malartuithe acu chun rannpháirtíocht sna malartuithe seo a mhéadú
•
Tacú go leanúnach le cláir malartaithe le scoileanna malartaithe agus iad a chothú
•
Cinntigh go léirítear dea-chleachtas chun malartuithe scoile a spreagadh i mbreis scoileanna
Gníomhaíocht:
Tá tacaíocht á fháil go leanúnach ag na scoileanna a faomhadh idir 2018 agus 2023. Tharla malartuithe i
ngach mí sa scoilbhliain. Thug scoileanna rannpháirteacha cuairt ar scoláirí agus thug lóistín do scoláirí i
mbailte agus cathracha ar fud na hEorpa agus na hÁise, ina measc Annecy, Belmont-Sur-Rance, Bordeaux,
Dunkerque, Lille, Montpellier, Ribeauvillé, Vichy sa Fhrainc, Freigericht, Landau, Niederkassel, Schwangau,
Trostberg sa Ghearmáin, Maidrid, sa Spáinn agus Mukogawa sa tSeapáin.
D’fhreastail TIBÉ ar Chomhdháil Soghluaisteachta an Scoláire Aonair in Mechelen sa Bheilg i Márta 2024.
D’éascaigh TIBÉ ceardlann ar mhalartuithe sa Ghearmáin do Chumann na Múinteoirí Gearmáinise (CMG) i mí
Aibreáin 2024, agus do Scoil Shamhraidh na Múinteoirí Gearmáinise ag an Goethe Institut i mí Iúil 2024.
Cuireadh maoiniú ar fáil do scoileanna a bhí páirteach i dturais theanga chun na Síne agus na Seapáine.
18
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -