Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 20
Comhoibriú le Soláthróirí Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM)
3 Soláthraí OTM
5 Aoiléacht
Gníomh1.D.1
1.D.6
50 Múinteoir Réamhsheirbhíse
Léargas ginearálta:
I gcaitheamh 2024, lean TIBÉ ar aghaidh ag comhoibriú le soláthróirí Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) chun
tógáil ar acmhainn i measc múinteoirí teanga amach anseo agus chun na háiseanna agus tacaíocht atá ar fáil
trí TIBÉ a aibhsiú. Tá sé mar aidhm ag na comhpháirtíochtaí seo modheolaíochtaí nuáclacha, uirlisí, agus
straitéisí chun teagasc éifeachtach teangacha a chothú, a thabhairt do mhúinteoirí réamhseirbhíse.
Príomhaidhmeanna:
•
Téigh i dteagmháil le soláthraithe OTM agus comhoibrigh ar thionscadail chun tógáil ar acmhainn i
modheolaíochtaí agus scileanna cuí do mhúinteoirí teanga amach anseo.
•
Cuir daoine ar an eolas faoin obair agus faoi thacaí a chuireann TIBÉ ar fáil i measc múinteoirí
réamhsheirbhíse.
•
Déan áiseanna agus tacaí don dea-chleachtas agus don fhorbairt ghairmiúil leanúnach so-aimsithe
Gníomhaíocht:
D’oibrigh TIBÉ le trí sholáthraí OTM i rith 2024, ag tabhairt cúig aoiléacht, a dearadh chun cuir chuige
nuálacha in oideolaíocht a thabhairt isteach, a fhorbairt agus a chur i gcomhthéacs:
Ollscoil Luimní (LP4004 – Oideolaíocht Teanga 2):
21 Deireadh Fómhair:
Réamhrá FCÁT – Bunchlocha FCÁT á n-iniúchadh, na prionsabail a bhaineann leis,
agus tábhacht i dteagasc teanga.
28 Deireadh Fómhair:
Forbairt FCÁT – Thug mionléargas ar chreatlach FCÁT agus conas iad a
chomhtháthú i gcleachtas ranga.
4 Samhain:
Cuir i bhfeidhm FCÁT – Dírithe ar chur i bhfeidhm praiticiúil straitéisí FCÁT,
ag tabhairt samplaí agus uirlisí teagaisc.
Ollscoil Mhá Nuad (Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) – Modheolaíochtaí Ardleibhéil):
7 Samhain: Tugadh seisiún ar FCÁT agus Tacaí TIBÉ do Mhúinteoirí. Sa seisiún seo, tugadh buntreoir do mhic
léinn MGO ar áiseanna atá ar fáil trí TIBÉ, ag cur béim ar an mbealach a dtacaíonn na huirlisí seo le deachleachtas nuálacha sa rang. Léiríodh obair TIBÉ ar FCÁT freisin.
Coláiste na Tríonóide (MGO Bliain 1):
5 Samhain: Tugadh léacht ar DigiTech agus Tacaí TIBÉ. Díríodh sa seisiún seo ar uirlisí digiteacha a
chomhtháthú sa rang teanga agus áiseanna TIBÉ a threisiú chun cur le cleachtais mhúinteoireachta.
20
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -