Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 23
Cuirtear an cúrsa i láthair i dtí mhodúl:
1. Teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh Scileanna Éisteachta
2. Teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh Scileanna Labhartha
3. Teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh Measúnaithe in NTI.
Ar a chríochnú dóibh, fágann múinteoirí an cúrsa, réidh chun straitéisí praiticiúla a chur i bhfeidhm láithreach.
Modúil Idirbhliana do Thosaitheoirí
Ag tógáil ar uasdátú ar Mhodúil Idirbhliana do Thosaitheoirí’sa Ghearmáinis, sa Spáinnis, agus san Iodáilis,
agus an leagan nua Fraincise, rinneadh athbhreithniú agus uasdátú ar an modúl Polainnse, agus rinneadh
leagan nu ai Rómáinis. Deartar na modúil seo do scoláirí atá ag tosú ar theanga nua a fhoghlaim san
Idirbhliain ach is féidir iad a chur in oiriúint lena n-úsáid le scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí nó scoláirí
GCAT. Tá rogha tascanna ag gach modúl, agus cuimsítear le mír na múinteoirí ag tosach an leabhair léargas ar
an topaic, cur síos ar an tasc, agus torthaí foghlama.
Tionchar:
•
Chláraigh go leor don chúrsa nua ar theicneolaíochtaí digiteacha, le breise agus 70 múinteoir páirteach sa
leagan píolótach agus breis agus 300 múinteoir cláraithe don chúrsa a leanann go fóill idir Meán Fómhair
agus mí na Nollag 2024.
•
Thug áiseanna athfhorbartha dearcadh úr uasdátaithe chuig modúil Idirbhliana, agus rinne naisc le
hábhar cuí, mar aon le huirlisí aoisoiriúnach agus céimoiriúnach níos mealltaí do scoláirí Idirbhliana.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Spreag múinteoirí le clárú don chúrsa ‘Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoir NTI’ agus lean leis an
gcomhoibriú le Oide Teicneolaíocht san Oideachas, ag díriú go háirithe ar IS do mhúinteoirí NTI agus
foghlaim teangacha.
•
Críochnaigh an athbhreithniú ar ‘Modúil Idirbhliana do Thosaitheoirí’ sa tSínis agus sa tSeapáinis agus
tosaigh ar athbhreithniú ar Chóiréis, Liotuáinis , Portaingéilis agus Rúisis.
•
Lean leis an athbhreithniú ar áiseanna reatha agus cuir chun cinn iad, mar shampla Podchraoltaí ‘Caint
Mhúinteoirí NTI’ agus cuardach idirlín (webquest).
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
23