Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 25
Cuidíonn an tionscadal le ballstáit oideachas éifeachtach cuimsitheach ilteangacha idirchultúrtha a chur
chun cinn trí pholasaithe agus cleachtas a threorú ag leibhéil na hinstitiúide agus an tseomra ranga.
Spreagadh a chothú in oideachas teanga: cén ról do lucht cinnteoireachta agus oideachasóirí?
D’fhreastail Karen Ruddock ar imeacht IENT ar son TIBÉ i mí na Nollag 2024, áit a ndearna sí teagmháil le
comhghleacaithe Eorpacha ar ábhar spreagtha don fhoghlaim teanga. Thug an t-imeacht deis daoine a chur
ar an eolas faoi thábhacht aghaidh a thabhairt ar dhúshláin spreagtha, agus tograí a iniúchadh ag leibhéil
áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, tograí a chuireann le rogha oideachas ilteangacha
idirchultúrtha. Anuas air sin, cuidíonn léargais ó thaighdeoirí ar threochtaí nua sa spreagadh eolas a
dhéanamh do chleachtas agus d’fhorbairt polasaí in Éirinn.
Tionchar:
•
Tá TIBÉ ábalta tacú le múinteoirí leis an eolas agus na scileanna cuí chun seomraí ranga
ionchuimsitheacha a chothú agus chun oideachas ilteangach idirchultúrtha a chur chun cinn
•
Tá grúpa oibre cruthaithe ag TIBÉ chun áiseanna nua a fhorbairt le tacú le scoláirí, múinteoirí agus foirne
bainistíochta scoile le haghaidh scoláirí atá ag bogadh idir scoileanna.
•
Tá dea-chleachtas i réimsí éagsúla aitheanta ag TIBÉ agus is féidir leo seo tacú le cleachtas agus forbairt
pholasaithe in Éirinn agus eolas a dhéanamh dóibh.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Creat a chur ar fáil do scoileanna chun measúnú a dhéanamh ar a gcleachtas idirchultúrtha agus chun cur
leis
•
Fiosracht, oscailteacht agus suim i dteangacha a chothú
•
Cinntiú go bhfuil gach teanga agus cultúr atá sa phobal scoile curtha san áireamh agus go bhfuil meas
orthu
•
Tacaíonn Pobail Chleachtais (PC) le scoileanna sraith acmhainní ILAOS a chur i bhfeidhm, cuireann siad
chun cinn comhoibriú agus roinnt dea-chleachtais, cuireann siad le modheolaíochtaí teagaisc, agus
cuireann siad chun cinn éagsúlacht chultúrtha agus teanga.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
25