Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 26
Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (SIAÁS)
An Intercultural Look at our Schools (ILAOS)
3 Phobal Cleachtais ar líne
Gníomh. 1.C.8
1.C.13
43 Múinteoir rannpháirteach
Léargas ginearálta:
Tugann ILAOS creat do scoileanna ar mhaith leo dul i ngleic leis an ngné idirchultúrtha sa scoil. Dearadh an
tsraith acmhainní ILAOS don fhéinmheasúnú agus tacaíonn sé le héagsúlacht teanga agus cultúir in iarbhunscoileanna. San áireamh ann tá sraith suirbhéanna a oibríonn mar uirlisí féinmheasúnaithe, ag nótáil
dearcadh gach ball den phobal scoile, an Bord Bainistíochta, príomhoide, phríomhoidí tánaisteacha,
múinteoirí, foireann nach múineann, scoláirí agus tuismitheoirí/chaomhnóirí. Leasaíodh an tsraith acmhainní
ó thionscadal an Ionad Eorpach do Nuatheangacha ‘Treoir do theangacha na scolaíochta’.
Príomhaidhmeanna:
•
Creat a chur ar fáil do scoileanna chun measúnú a dhéanamh ar a gcleachtas idirchultúrtha agus chun cur
leis
•
Fiosracht, oscailteacht agus suim i dteangacha a chothú
•
Cinntiú go bhfuil gach teanga agus cultúr atá sa phobal scoile curtha san áireamh agus go bhfuil meas
orthu
•
Tacaíonn Pobail Chleachtais (PC) le scoileanna sraith acmhainní ILAOS a chur i bhfeidhm, cuireann siad
chun cinn comhoibriú agus roinnt dea-chleachtais, cuireann siad le modheolaíochtaí teagaisc, agus
cuireann siad chun cinn éagsúlacht chultúrtha agus teanga.
Gníomhaíocht:
Bhí breis agus 40 múinteoir rannpháirteach
i dtrí Phobal Cleachtais (PC), áit ar roinnt
siad dea-chleachtas agus thacaigh siad le
chéile maidir leis an tsraith acmhainní a
chur i bhfeidhm. Tugadh deis do na
múinteoirí sna PC dúshláin a phlé agus
réitigh fhéideartha a shainaithint.
Mar thoradh orthu seo, bunaíodh meitheal
ag deireadh 2024 le líon beag múinteoirí a
bhfuil go leor taithí acu sa réimse seo. Is é
aidhm na meithle ná áiseanna breise a
fhorbairt a thacaíodh le riachtanais
scoileanna agus scoláirí sa réimse seo.
26
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -