Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 27
Thug toscaireacht ó Servei de Llengües Estrangeres i d'Origen, Departament d’ Educació, Generalitat de
Catalunya, (aonad teangacha i Roinn Oideachas na Catalóine) cuairt ar TIBÉ chun tuilleadh a fhoghlaim faoi
ILAOS idir 29 Aibreán agus 3 Bealtaine 2024.
I rith na cuairte, bhí toscaireacht na Catalóine an-tógtha leis na teangacha nua curaclaim agus
neamhchuraclaim atá san áireamh sa chóras oideachais in Éirinn. D’aithin siad an luach a bhaineann le
héagsúlacht teanga a chur chun cinn agus leis na cuir chuige éagsúla a ghlactar. San áireamh sa chuairt bhí
cuairteanna scoile, cruinniú le páirtithe leasmhara, agus plé ar chur i bhfeidhm ILAOS agus tograí eile teanga.
Tionchar:
•
Tá tionchar láidir dearfach ar scoileanna ag rannpháirtíocht múinteoirí i bPobail Cleachtais ILAOS.
•
Trí chomhoibriú agus líonrú i measc oideachasóirí a chothú, is féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
choitianta. Cuireann an cur chuige comhoibritheach ní hamháin le forbairt ghairmiúil, ach le héagsúlacht
teanga agus cultúir fosta, rud a chruthaíonn timpeallacht níos cuimsithí, fáiltiúil do gach scoláire.
•
Díríonn an t-aiseolas dearfach ó rannpháirtithe aird ar na pobail seo chun tacú le hiarrachtaí múinteoirí
sraith acmhainní ILAOS, agus tograí eile idirchultúrtha, a chur i bhfeidhm, rud a chuireann ar deireadh leis
an bhfeabhas ginearálta ar chleachtais oideachasúla na scoile.
•
Trí chuir i láthair a dhéanamh ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus trí lucht institiúidí ar cuairt a óstáil,
dírítear aird ar cheannaireacht na hÉireann maidir le héagsúlacht teanga agus cultúir san oideachas.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean le óstáil Pobail Chleachtais
•
Lean leis an meitheal chun tuilleadh áiseanna agus tacaí a fhorbairt
•
Lean leis an rannpháirtíocht i bhfóraim idirnáisiúnta chun an obair sa réimse seo a scaipeadh
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
27