Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 28
Scéim na gCúntóirí Béarla (ELA)
Gníomh. 1.C.4
2 sheisiún tacaíochta ELA
Léargas ginearálta:
Tá mar dhualgas anois ag TIBÉ feiceálacht scéim na gCúntóirí Béarla (ELA) a mhéadú chun feasacht teanga
agus idirchultúir a fhorbairt sa tsochaí, mar aon le hacmhainn fhéideartha teagaisc a chruthú don todhchaí.
Príomhaidhmeanna:
•
Iarratasóirí féideartha a chur ar an eolas faoi na buntáistí iomadúla a bhaineann le páirt a ghlacadh i scéim
na gCúntóirí Béarla.
•
Tacú le suim mhéadaithe sa scéim ELA trí shraith tograí a mhéadaíonn feiceálacht na scéime.
Gníomhaíocht:
Ba é 2024 an chéad uair a chuir TIBÉ tacaíocht ar fáil do Chúntóirí Béarla a théann amach. Bhí an fhoireann
ábalta tarraingt ar go leor taithí, faighte ó bhlianta ag tacú le Cúntóirí Teangacha Iasachta (FLA) a thagann
anseo. Chun tacaí agus foinse feasachta a chruthú, fuair an fhoireann ionchur ó pháirtithe leasmhara, mar aon
leis an suirbhé ó 2023 a rinneadh i measc iar-chúntóirí Béarla.
I samhradh 2024, cruthaíodh dhá fhíseán nua chun daoine agus iarratasóirí féideartha a chur
ar an eolas faoin scéim. Bhí ceathrar iar-chúntóirí
Béarla páirteach sna físeáin, a foilsíodh i bhfómhar
na bliana 2024. Cruthaíodh póstaer a cuireadh ar
taispeáint ar champais ollscoile ar fud na tíre.
Seoladh feachtas meán sóisialta inar spreagadh
daoine chun cláraithe agus ag cur seisiúin
tacaíochta ar líne chun cinn. Eagraíodh dhá sheisiún
tacaíochta – ceann amháin do chúntóirí Béarla ag
dul amach, agus ceann dóibh siúd a raibh suim
acu cur isteach ar scéim na gcúntóirí Béarla
2025-26.
I Meán Fómhair 2024, faomhadh 90 cúntóir
Béarla as Éirinn chun taisteal go dtí an Ostair,
an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil
agus an Spáinn. Chun cuidiú leis an cúntóirí
Béarla seo ullmhú le himeacht, thug TIBÉ dhá
sheisiún tacaíocht ar líne i mí Lúnasa agus
Meán Fómhair. Chuidigh iar-chúntóirí Béarla
leis an gcomhairle agus treoir a thabhairt do na cúntóirí teanga a bhí ag
dul amach.
28
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -