Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 30
Traenáil le haghaidh Cúntóirí Teanga Iasachta
agus Múinteoirí Comhoibrithe
Gníomh 1.C.4
1.D.9
191 CTI
Léargas ginearálta:
Tá ról TIBÉ i scéim na gcúntóir teanga iasachta (CTI) á leathnú, ag tairiscint raon tacaí teagaisc agus foghlama,
a bhíonn ag athrú agus ag fás de shíor, do CTIanna agus na Múinteoirí Comhoibrithe (MC).
Príomhaidhmeanna:
•
Tacaíocht a chur ar fáil chun go mbeidh eispéireas teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán ag pobail
scoile a bhfuil CTI acu
•
Scaip cuir chuige éifeachtacha teagaisc agus foghlama a chuireann le timpeallacht tarraingteach
foghlama agus déan plé orthu
•
Cinntigh na torthaí foghlama is fearr do scoláirí trí thacú le pleanáil don rath agus nuálaíocht i gcleachtais
teagaisc agus foghlama
Gníomhaíocht:
In Eanáir 2024, lean TIBÉ leis an tacaíocht do ghrúpa 2023-24 CTI agus CB trí thús a chur leis dara babhta de
sheisiúin tacaíochta. Ba é seo an chéad uair a ofráladh múnla cumaisc soláthair, agus cuireadh raon leathan
tairiscintí aghaidh ar aghaidh agus ar líne ar fáil do rannpháirtithe.
I mí Bealtaine 2024, mar aon leis an Roinn Oideachais agus an Chigireacht, d’óstáil TIBÉ seisiún eolais do
scoileanna ar éirigh leo leis na hiarratais CTI. Díríodh sa seisiún seo ar an bpearsanra cuí a chur ar fáil i
scoileanna, le tacaíocht tábhachtach chun ullmhú do theacht an CTI. An mhí chéanna, d’fhreastail ionadaithe
TIBÉ ar imeacht do CTI Fraincise, agus labhair siad ann, imeacht a d’eagraigh Ambasáid na Fraince in Éirinn,
chun aiseolas a bhailiú ar an saol mar CTI.
D’eagraigh TIBÉ cruinniú
comhoibrithe dhá lá leis an
áisíneacht Ghearmánach a sheolann
CTIanna, Der Pädagogische
Austauschdienst (PAD), i Meitheamh
2024. Ag an gcruinniú, bhí ionadaithe
ón Roinn Oideachais agus bhí ar
chumas rannpháirtithe díriú ar thacaí
do Chúntóirí Béarla agus do
Chúntóirí Teanga Iasachta araon,
agus tógáil ar thacaí atá ann cheana
don Ghearmáinis i gcuraclam iarbhunscoile na hÉireann.
30
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -