Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 31
Ó Mheitheamh ar aghaidh, tháinig dlús le hullmhúcháin do theacht 2024-25 na gCúntóirí Teanga Iasachta, le
forbairt nuachtlitreach agus leathanach Facebook a dearadh agus a cruthaíodh le déanaí do CTIanna. I Meán
Fómhair, thug TIBÉ isteach sraithe seisiún ar líne, a raibh mar aidhm acu (i) iad a spreagadh d’eispéireas an CTI
a bhí le teacht, (ii) tacaí teagaisc agus foghlama don am roimh theacht a chur ar fáil agus (iii) ceisteanna a
tháinig chun cinn sular tháinig siad a fhreagairt. Chláraigh 104 CTI san iomlán do na seisiúin seo, agus bhí an
t-aiseolas dearfach. Eagraíodh seisiúin mar seo i Meán Fómhair freisin chun tacú le múinteoirí comhoibrithe
agus iad ag ullmhú do theacht na CTI.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’eagraigh TIBÉ arís eile ionduchtú ar son na Roinne Oideachais agus
bhainistigh é. Go gairid i ndiaidh theacht na CTIanna ag na scoileanna óstacha, bhí ionadaithe ó TIBÉ agus ón
Roinn Oideachais ar fáil chun eolas a thabhairt faoi thacaí atá ar fáil do CTIanna, agus bhí deiseanna ann le
haghaidh ceisteanna agus freagraí. Bhuail CTIanna lena gcomhlaigh nasctha TIBÉ agus le CTIanna eile, rud a
thug deiseanna líonraithe le CTIanna ina réigiún óstach. Tá an Comhlach nasctha TIBÉ ar fáil chun tacú leo le
ceist ar bith teagaisc nó foghlama a d’fhéadfadh a bheith acu i rith na bliana. Anuas air sin, thacaigh TIBÉ le
CTIanna Francach in imeacht eile, a d’eagraigh ambasáid na Fraince, an lá tar éis an ionduchtaithe bliantúil.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
31