Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 32
Chláraigh 330 CTI agus CB don chéad bhabhta seisiúin tacaíochta den bhliain acadúil 2024-25, i mí Dheireadh
Fómhair 2024. Thug Comhlaigh agus Oifigigh Oideachais de chuid TIBÉ na seisiúin aghaidh ar aghaidh seo in
ionaid ar fud na tíre thar thréimhse choicíse, agus bhí rogha dátaí agus ionad ag na rannpháirtithe. Sna
seisiúin seo féachadh ar smaointe chun comhoibriú a fhorbairt agus chun pleanáil don bhliain acadúil
romhainn. Tugadh deis sna seisiúin seo fosta do CTIanna líonrú le CTIanna eile lonnaithe sa réigiún óstach
céanna.
D’eagraigh lucht TIBÉ Pobail Chleachtais faoi leith ar líne do CTIanna i Samhain 2024. Ar deireadh, i mí na
Nollag 2024, thacaigh TIBÉ leis an imeacht Journée internationale des assistants de langue, a d’eagraigh
Ambasáid na Fraince, a dhéanann ceiliúradh ar CTIanna na Fraince agus ar a gcuid oibre.
Bhí an t-aiseolas ar ionduchtú ó na CTIanna an-dearfach, seo roinnt ráiteas uathu:
‘Go raibh maith
‘Láithreoirí an-eolasach,
agaibh as an eolas agus
cumasacah agus deas, agus
an obair ar fad a chuir sib
thaitin sé go mór liom go
Bhí an t-eolas
isteach sa chlár seo. Mothaím go
raibh deis ann nascadh
an-tábhachtach agus
bhfuil mé faoi chúram maith,
le CTIanna eile’
úsáideach’
go raibh maith agaibh!’
‘Bhí gach
rud foirfe!’
Roinnt aiseolais ó rannpháirtithe sheisiún tacaíocht 1 do CB-CTIanna – Deireadh Fómhair 2024:
‘Ba sheisiún álainn, táirgiúil é seo. Bhí sé go deas bualadh le gach duine agus malartú leo’
Ionad Oideachais Mhuineacháin – Deireadh Fómhair 2024
‘Seisiún an-mhaith le go leor smaointe iontacha agus am le haghaidh comhoibrithe’
Ionad Oideachais Dhroim Conrach – Deireadh Fómhair 2024
‘Bhí an plean 8 bpointe agus an féilire cabhrach ach go háirithe. Thug sé deis dúinn pleanáil chun
tosaigh agus plé a dhéanamh le CTIanna eile agus múinteoirí comhoibrithe ó mo scoilse’.
Ionad Oideachais na Gaillimhe – Deireadh Fómhair 2024
Tionchar:
•
In 2024, mar thoradh ar an aiseolas a fuarthas i rith chlár 2023-24, leathnaigh TIBÉ an tacaíocht do scéim
CTI. Chuidigh an tacaíocht seo leis na CTIanna, CBanna agus na scoileanna ina gcuid ullmhúchán le
haghaidh theacht na CTIanna. Anuas air sin, chuir sé le forbairt cleachtais éifeachtacha comhoibrithe
teagaisc agus foghlama a tharraing ar rannpháirtíocht CTIanna i saol na scoile.
Na chéad chéimeanna eile:
32
•
Tosaigh ar sheisiún 2 tacaíochta CTI-CB (Eanáir 2025)
•
Déan athbhreithniú ar amú na dtacaí do CB sula dtagann siad
•
Cuir seisiún eolais ar fáil, agus leathnaigh é, do scoileanna a éiríonn leo (Bealtaine 2025)
•
Déan ullmhú chun múnla leasaithe a thabhairt do sheisiúin tacaíochta CTI-CB in 2024-25
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -