Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 33
Pobail Chleachtais Nuatheangacha Iasachta (NTI)
692 Múinteoir Cláraithe
Gníomh. 1.C.5
30+ seisiún
Léargas ginearálta:
Is cruinnithe iad Pobail Chleachtais TIBÉ ina dtagann múinteoirí, a bhfuil paisean acu do theangacha agus do
theagasc teangacha, le chéile chun smaointe a
mhalartú, chun eolas nua a chruthú agus chun
dea-chleachtas a roinnt. Éascaítear na Pobail
Chleachtais seo go réigiúnach agus go téamach,
agus bíonn siad ar siúl aghaidh ar aghaidh agus
ar líne, ag brath ar riachtanais na rannpháirtithe.
Tá na Pobail Chleachtais bunaithe ar mheas agus
muinín as a chéile, ag cothú timpeallacht ina
mothaíonn múinteoirí spreagtha chun smaointe
a roinnt, dúshláin a phlé, ceisteanna a chur, agus
fadhbanna a réiteach go comhoibritheach.
Príomhaidhmeanna:
•
Pobail bheomhar réigiúnach agus téamach múinteoirí NTI a thógáil agus a choinneáil ar fud na hÉireann
•
Deiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí NTI nascadh, comhoibriú agus dea-chleachtais, saincheaptha dá
gcuid riachtanas, a roinnt.
Gníomhaíocht:
In 2024, d’éascaigh TIBÉ breis agus 30 Pobal Cleachtas, chláraigh 692 do na seisiúin seo. Bhí leagan amach
measctha ann do na PC seo – cruinnithe réigiúnach, seisiún dírithe ar thionscadail, agus plé téamach – rud a
thug cur chuige solúbtha freagrúil ar riachtanais na múinteoirí. Bhí ról sárthábhachtach ag Comhlaigh TIBÉ in
éascú na seisiún seo, ag tabhairt eispéireas luachmhar sa seomra ranga chun cur le plé agus le hoiriúnacht
phraiticiúil a chinntiú.
PC Téamacha:
I measc na n-ábhar bhí Sraith Acmhainní don Oíche Oscailte, ILAOS (Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna),
#ThinkLanguages, DigiTeach, agus tacaíocht don ATF.
An PC is mó a raibh tóir air:
Ba é an seisiún chun smaointe a roinnt don Idirbhliain an ceann is mó freastal, le breis agus 150 múinteoir
cláraithe thar na trí oíche.
PC Réigiúnacha
Thug na PC seo tacaíocht áitiúil, ba iad na hIonaid Oideachais agus scoileanna a bhí mar óstaigh orthu.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
33