Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 35
Comhlaigh TIBÉ
Gníomh 1.C.11
17 Comhlach TIBÉ
Léargas ginearálta:
Is múinteoirí iar-bhunscoile teanga iad na Comhlaigh TIBÉ, a bhfuil ról riachtanach acu
eochairghníomhaíochtaí, dtugtar achoimre orthu i Straitéis Languages Connect, a chur i bhfeidhm agus a
chur chun cinn. Tá siad lonnaithe ar fud na tíre agus tógann a bpáirtíocht acmhainn réigiúnach, neartaíonn sé
naisc le scoileanna, agus tacaíonn le hobair TIBÉ trí chaidreamh díreach a dhéanamh le múinteoirí, cúntóirí
teanga agus pobail scoile.
Príomhaidhmeanna:
•
Is ceannairí iad Comhlaigh TIBÉ i gcur chun cinn dea-chleachtas in oideachas teanga trína saineolas a
roinnt in imeachtaí amhail Pobail Chleachtais, comhdhálacha Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí (TPN) agus ag
comhdhálacha cuí oideachais eile.
•
Oibríonn Comhlaigh mar a bheadh droichead idir an seomra ranga agus foireann TIBÉ trí aiseolas
sárluachmhar i gcomhthéacs a thabhairt, mar aon le léargais phraiticiúla, chun eolas a dhéanamh do
phleanáil straitéise agus d’fhorbairt áiseanna.
Gníomhaíocht:
Tharla athruithe sonracha ar fhoireann Chomhlaigh TIBÉ i mbliana. Chríochnaigh baill den bhunfhoireann, a
d’oibrigh ar feadh cúig bliana, a dtéarma. Chun daoine a fháil in áit na gComhlach a bhí ag éirí as, agus chun
freastal ar éilimh obair TIBÉ atá ag fás, seoladh feachtas earcaíochta, rud a raibh líon méadaithe Comhlach ar
an bhfoireann mar thoradh air.
Tugann an cóhort nua Comhlach saineolas breise chuig an bhfoireann, taithí ar bhainistíocht scoile agus
treoir san áireamh. Neartaíonn an tacar sainscileanna acmhainn TIBÉ na cuspóirí straitéise a chur i gcrích agus
tacú le múinteoirí agus scoileanna ar fud na hÉireann.
In 2024, lean Comhlaigh TIBÉ leis an tacaíocht do raon leathan tionscadal. Seo roinnt príomhphointí:
•
Imeachtaí Náisiúnta agus Réigiúnacha a Éascú: Bhí príomhról ag Comhlaigh i dtacú le tionscadail amhail
#ThinkLangauges ; comhdhálacha TPN Fraincise, Gearmáinise, Spáinnise agus Iodáilise; agus
comhdhálacha réigiúnacha oideachais, ag léiriú obair TIBÉ agus na tacaí atá ar fáil don fhoghlaim teanga.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
35