Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 36
•
Tacú le Scéim na gCúntóirí Teanga Iasachta: D’oibrigh na Comhlaigh mar mheantóirí agus mar
phríomhphointí teagmhála do na Cúntóirí Teanga Iasachta (CTI). Bhí siad lárnach in ionduchtú na CTIanna,
thug siad traenáil aonair agus grúpa, d’fhreagair siad ceisteanna teagaisc agus foghlama, augs thacaigh
siad la múinteoirí comhoibrithe in CTIanna a óstáil.
•
Seisiúin Tacaíochta Ar Líne: D’éascaigh Comhlaigh seisiúin ar líne chun áiseanna a chur chun cinn agus
chun tacú le tionscadail leithéidí Sraith Acmhainní don Oíche Oscailte; scéim na gCúntóirí Béarla (CB);
#ThinkLanguages, agus Pobail Chleachtais.
•
Áiseanna a Chruthú agus a Athbhreithniú: Chuir Comhlaigh le forbairt agus le hathbhreithniú ábhair atá
ag teacht le príomhghníomhaíochtaí i Straitéis Languages Connect, ábhar do na Modúil Idirbhliana do
Thosaitheoirí, WebQuests agus áiseanna gairmthreorach.
•
Meantóireacht agus Acmhainn a Thógáil: In 2024, leathnaíodh ar an leagan píolótach den
mheantóireacht a tosaíodh in 2023, ag ofráil treoracha agus tacaíocht shaincheaptha do mhúinteoirí a
mhúineann teangacha tearctheagasctha, rud a neartaíonn acmhainn i scoileanna.
Tionchar:
•
Tá obair na gComhlach tar éis tionchar TIBÉ a leathnú ar fud na tíre, ag cothú nasc níos láidre le múinteoirí
NTI, CTI agus pobail scoile
•
Trí mheantóireacht shaincheaptha a thabhairt agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin go luath, tá
Comhlaigh i ndiaidh cur le rath na scéime CTI, agus tá siad tar éis tacú go héifeachtach le CTIanna agus
múinteoirí comhoibritheacha
•
Cintíonn rannpháirtíocht na gComhlach i gcruthú agus athbhreithniú ar ábhair teagaisc go bhfuil siad
oiriúnach, praiticiúil, agus go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais múinteoirí agus scoláirí teanga
Na chéad chéimeanna eile:
•
Bain úsáid as cás uathúil na gComhlach mar mhúinteoirí bunaithe i scoileanna chun aiseolas cuí a bhailiú,
ag cinntiú go bhfreagraíonn TIBÉ do riachtanais agus do na dúshláin atá roimh mhúinteoirí agus scoláirí
sna scoileanna.
•
Cothaigh nuálaíocht leanúnach i bhforbairt áiseanna agus i dtacaíocht do mhúinteoirí, ag teacht le
héilimh a bhíonn ag forbairt sna seomraí ranga agus sa domhan níos leithne oideachasúil
•
Cinntigh deiseanna d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach le haghaidh Comhlach, ag tabhairt na n-uirlisí agus
scileanna dóibh a chuirfidh ar a gcumas a bheith ag súil le riachtanais an phobail teagaisc NTI agus
aghaidh a thabhairt orthu.
36
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -