Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 39
Scéim na Múinteoirí Spáinnise ar Cuairt
Gníomh. 1.D.3
Tugadh áit do 2 Mhúinteoirí
Léargas ginearálta:
Is comhaontú idir an Roinn Oideachais in Éirinn agus an Aireacht Oideachais agus Cultúir sa Spáinn í Scéim
do Mhúinteoirí Spáinnise ar Cuairt. Ba í an scoilbhliain 2024-2025 an ceathrú bliain den chlár in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Aghaidh a thabhairt ar easpa múinteoirí cáilithe Spáinnise in Éirinn
•
Tacú leis an gcuraclam i scoileanna na hÉireann trí fholúntais do mhúinteoirí Spáinnise a líonadh le hoidí
Spáinneacha atá ardoilte
•
An deis a thabhairt do scoláirí in iar-bhunscoileanna na hÉireann cumarsáid a dhéanamh agus
idirghníomhú le caintoirí dúchasacha Spáinnise
•
Tacú le scoileanna agus caidrimh agus malartuithe á bhforbairt acu le scoileanna na múinteoirí Spáinnise
ar cuairt
Gníomhaíocht:
D’oibrigh TIBÉ i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Consejería de Educación, a dhéanann ionadaíocht
don Aireacht Oideachais Spáinneach thar lear, agus iad ag roghnú múinteoirí agus scoileanna. Chuir
scoileanna agallaimh ar iarrthóirí ón ngearrliosta, agus cheap siad an t-iarrthóir is fearr a mheaitseáil a gcritéir
roghnaithe. Thug TIBÉ clár ionduchtaithe do na múinteoirí agus thacaigh siad leo leis an bpáipéarachas
riachtanach. Anuas air sin, thacaigh TIBÉ leis na múinteoirí ar cuairt i rith na scoilbhliana ina gcuid scoileanna
óstacha.
Fágann an ghéarchéim lóistín reatha go raibh sé an-deacair ar na múinteoirí teacht ar áit chónaithe, rud a
chiallaigh nach raibh na hiarrthóirí ar fad a roghnaíodh in ann páirt a ghlacadh sa chlár. Ag an am céanna, tá
fianaise ann go bhfuil an ganntanas múinteoirí Spáinnise ag laghdú mar go raibh roinnt scoileanna
rannpháirteacha ábalta múinteoirí a fhostú atá lonnaithe in Éirinn, rud a d’fhág gur tharraing siad amach as
an scéim.
Tionchar:
Cé go bhfuil an t-aiseolas ó scoileanna an-dearfach, tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil comhthéacs na scéime
ag athrú. Agus é seo á chur san áireamh, tá sé socraithe ag an Roinn Oideachais agus Consejería de
Educación, sos a ghlacadh don scéim don scoilbhliain 2025-26.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh ag tacú le seachadadh an chláir don scoilbhliain 2024-25
•
Déan iniúchadh ar dheiseanna eile comhoibrithe
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
39