Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 4
Brollach
Agus muid ag machnamh ar bhliain eile den dul chun cinn agus de nuálaíocht san oideachas, is cúis mhór áthais
dom Tuarascáil Bhliantúil Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (TIBÉ) a chur i láthair, i gcomhthéacs an roil
leanúnaigh atá ag TIBÉ maidir le príomhghníomhaíochtaí Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta
san Oideachas in Éirinn – a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm sa straitéis seo tacú níos fearr le foghlaim teangacha
iasachta sa chóras oideachais in Éirinn agus éagúlacht an tsoláthair a mhéadú le haghaidh na mbuntáistí
nádúrtha do dhaoine aonair, don tsochaí agus don gheilleagar.
I gClár an Rialtais 2025 dár gcuid, bhí mar aidhm againn roghnú teangacha iasachta sna scoileanna a mhéadú
agus múineadh teagacha iasachta i mbunscoileanna a mhéadú. Tá an modúl bunscoile Cuir Fáilte Roimh
Theangacha in úsáid ag TIBÉ chun ullmhú le haghaidh tabhairt isteach NuaTheangacha Iasachta i gcuraclam
na bunscoile, agus tá 1,400 scoil rannpháirteach ann anois, agus breis agus 88,000 páiste, agus raon éagsúil
teangacha á dtairiscint do pháistí. Is cruthú é éagsúlacht na dteangacha atá á múineadh mar chuid den mhodúl
den tsochaí ilchultúrtha ilteangacha ina bhfuilimid inár gcónaí, agus tugann an modúl ardán chun páistí a chur
ar an eolas faoin éagsúlacht teangacha a úsáideann a gcuid piaraí sna scoileanna agus sna pobail.
Tá mé tiomanta an tírdhreach oideachasúil a fheabhsú do gach scoláire, chun na scileanna atá de dhíth orthu
chun go mbeidh rath orthu i ndomhan a bhíonn de shíor ag athrú, a thabhairt dóibh, agus molaim an obair atá
ar siúl ag TIBÉ sa chomhthéacs seo. Is cuid bunúsach é oideachas ar ardchaighdeán i dteangacha iasachta
maraon le tacaí a sholáthar do scoláirí in Éirinn chun go mbeidh rochtain acu ar na deiseanna agus scileanna
idirchultúrtha den mhargadh oibre i dtíortha eile san AE. I bpróiseas foghlaim teangacha foghlaimítear na trasscileanna tábhachta réiteach fadhbanna, nuálaíocht agus smaointeoireacht chriticiúil.
4
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -