Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 40
FCÁT – Foghlaim Chomhtháite Teanga agus Ábhair
40 múinteoir
24 scoil
4 Aoichainteoir ITE
Gníomh. 1.E.3
150 aighneacht chomhdhála
Léargas ginearálta:
Is cur chuige oideachasúil é FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha) ina ndírítear ar dhá
phointe agus a chomhtháthaíonn foghlaim teanga agus foghlaim ábhair, rud a thugann eispéireas saibhreas
oideachais do scoláirí.
Tá TIBÉ chun tosaigh go leanúnach i gcur chun cinn agus cur i bhfeidhm FCÁT do theangacha iasachta in
Éirinn, ag obair go comhoibríoch le páirtithe leasmhara, ag tacú le scoileanna agus ag leathnú deiseanna
foghlama gairmiúla do mhúinteoirí.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuir chun cinn cleachtais FCÁT in Éirinn trí fhoghlaim ghairmiúil agus comhoibriú.
•
Comhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara a láidriú chun cur chuige aontaithe a bhunadh i leith FCÁT i
gcás NTI, Gaeilge agus ábhair eile.
•
FGL spriocdhírithe agus áiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí agus scoileanna ina bhfuil FCÁT in úsáid.
•
Ceannaireacht na hÉireann in FCÁT a léiriú ag leibhéil idirnáisiúnta, san áireamh ansin FCÁT Domhanda
2025 a óstáil.
Gníomhaíocht in 2024
Comhoibriú Scaipthe agus Taighde
In 2024, thug TIBÉ faoi iarrachtaí sonracha chun torthaí thuairisc mheasúnaithe 2023 ó scéim phíolótach
náisiúnta FCÁT a scaipeadh. Roinneadh na torthaí seo leis na príomhpháirtithe leasmhara, Grúpa
Comhairleach Teangacha Iasachta (FLAG) san áireamh, ag cinntiú comhpháirtíocht agus comhoibriú i
nuálaíochtaí foghlama teanga a thiomáint chun tosaigh in Éirinn.
Anuas air sin, comhoibrigh TIBÉ le lucht acadúil, an tOllamh Kim Bower agus an Dr Dee Rutgers, le páipéar dár
teideal ‘Dearcthaí Foghlaimeoirí ar Nuálaíocht Náisiúnta FCÁT i dTeangacha Iasachta in Éirinn, in Fronteirs in
Education mar chuid den ábhar taighde FCÁT Beyond the Frontiers.
Cuireann an foilseachán seo béim ar leagan píolótach den nuálaíocht churaclaim FCÁT, dírithe ar spreagadh i
bhfoghlaim teanga a fheabhsú do scoláirí Idirbhliain idir 15 agus 16 bliana d’aois. Thóg an staidéar sonraí ó
mheasúnú turgnamhach ina ndírítear ar an gceist taighde: Cad iad dearcthaí foghlaimeoirí de bheith ag
foghlaim trí chuir chuige FCÁT i modúl náisiúnta píolótach?
Dearbhaíonn an taighde seo féidearthacht FCÁT chun eispéiris foghlama teanga a shaibhriú, ach cuireann sé
béim fosta ar an ngá atá le comhoibriú leanúnach, forbairt churaclaim agus tacaíocht do mhúinteoirí.
40
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -