Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 41
FCÁT Domhanda 2025
In 2024, rinne TIBÉ, mar aon le comhghleacaithe ó Ollscoil Mhá Nuad agus
Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, iarratas ar chomhdháil FCÁT Domhanda a óstáil.
Beidh sé ar siúl ar an 13ú agus 14ú Meitheamh 2025. Tugann an comhdháil seo,
a bhíonn ar siúl gach dara bliain, lucht acadúil, cleachtóirí, agus lucht déanta
polasaithe le chéile ó gach cearn den domhan chun taighde agus cleachtas a
roinnt.
Príomhghníomhaíochtaí:
•
Glaoch ar pháipéar seolta, agus fuarthas breis agus 150 iarratas ar pháipéar, 11 póstaer agus 3 mholadh
siompóisiam ó 26 tír
•
Coiste éagsúil cláir a bhunú, chun clár oibre ar ardchaighdeán a chinntiú
•
Comhoibriú le páirtithe idirnáisiúnta agus Éireannach le cinntiú go léiríonn an chomhdháil na forbairtí is
déanaí in FCÁT, agus go n-aibhsítear forbairtí na hÉireann sa réimse
Comhoibriú le Páirtithe Leasmhara
Neartaigh TIBÉ comhpháirtíocht le Oide, COGG agus CNCM in 2024 chun comhthuiscint agus comhchur
chuige a fhorbairt. Tá mar aidhm ag an gcomhoibriú seo:
•
Sineirge a chruthú i dtionscadail a thacaíonn le scoileanna FCÁT a chur i bhfeidhm
•
Comhfhís a fhorbairt do FCÁT a thugann buntáistí do NTI, don Ghaeilge agus do mhúinteoirí ábhair eile
•
Tacú le scoileanna le cinntiú go dtagann cleachtais FCÁT le creata curaclaim agus straitéisí náisiúnta
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
41