Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 42
Caidreamh le Mic Léinn Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM)
Rinne TIBÉ teagmháil le mic léinn OTM in 2024 trí léachtaí spriocdhírithe ó aoichainteoirí, agus tábhacht
múinteoirí an todhchaí a ullmhú:
•
Thug trí aoiléacht, inar díríodh ar bhunús oideolaíochta FCÁT agus a chur i bhfeidhm i seomraí ranga na
hÉireann, ag Ollscoil Luimní mar chuid den Mhodúl ar Cuir Chuige Nuálacha
•
D’éascaigh aoiléacht in Ollscoil Mhá Nuad, ag tabhairt isteach tacaí TIBÉ do mhúinteoirí agus ag déanamh
iniúchta ar mhodheolaíochtaí FCÁT
Bhí mar aidhm sna himeachtaí seo inspioráid a thabhairt do mhúinteoirí an todhchaí cleachtais FCÁT a
chomhtháthú ina dteagasc agus aibhsíodh ról TIBÉ maidir le tacaíocht a thabhairt do mhodheolaíochtaí
nuálacha teagasc teanga.
FGL Múinteoirí Inseirbhíse
Sa Bhlain 2024, d’fhreastail an líon ba mhó múinteoirí in seirbhíse ar FGL FCÁT de chuid TIBÉ. Ghlac 40
múinteoir páirt in imeacht FGL thar dhá lá, ina raibh:
•
Seisiúin comhoibrithe chun eispéiris agus dea-chleachtas a roinnt
•
Ceardlanna ar áiseanna FCÁT a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
•
Deiseanna líonraithe a raibh comhoibriú idir scoileanna agus tionscadail chomhchruthaithe áiseanna mar
thoradh orthu
D’fhág na múinteoirí an FGL le straitéisí praiticiúla chun FCÁT a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga, agus le
líonrú gairmiúil níos láidre chun tacú le forbairt leanúnach.
42
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -