Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 43
Tionchar:
•
Tharraing glaoch ar pháipéar do FCÁT Domhanda 2025 aird domhanda agus cothaíodh comhoibriú
idirnáisiúnta dá bharr.
•
Comhoibriú neartaithe idir TIBÉ, Oide, COGG agus CNCM, rud a bhunaigh comhfhís do FCÁT in ábhair
éagsúla, agus a bheidh tairbheach do scoileanna ar fud na tíre.
•
Chinntigh an teagmháil le mic léinn OTM go mbeidh múinteoirí an todhchaí ar an eolas faoi
mhodheolaíochtaí FCÁT, rud a chuirfidh le hinbhuanaitheacht chleachtais FCÁT in Éirinn.
•
Léiríonn an rannpháirtíocht in FGL inseirbhíse an tsuim atá ag fás, agus an tiomantas i measc múinteoir
FCÁT a thógáil ar bord, agus torthaí sonracha, amhail áiseanna nua agus comhpháirtíocht idir scoileanna.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Tá TIBÉ fós tiomanta FCÁT a chur chun cinn in Éirinn, ag cinntiú go mbíonn an cur chuige nuálach do
foghlaim teanga agus ábhair tairbheach do mhúinteoirí agus scoláirí araon.
•
Lean leis an bpleanáil agus cur chun cinn do FCÁT Domhanda 2025, le cinntiú go mbeidh sé ar
ardchaighdeán agus go meallann sé rannpháirtíocht domhanda.
•
Tabhair chun críche áiseanna a forbraíodh trí chomhoibriú le Oide, COGG agus CNCM agus scaip iad.
•
Leathnaigh tacaíocht do mhúinteoirí inseirbhíse le seisiúin théamacha FGL agus ceardlanna forbartha
áiseanna.
•
Méadaigh an caidreamh le soláthraithe OTM chun FCÁT a neadú níos fearr fós i gclár oideachais
múinteoirí.
•
Neartaigh meicníochtaí aiseolais ó scoileanna agus múinteoirí le cinntiú go mbíonn tograí TIBÉ freagrúil
fós ar riachtanais an domhain oideachais, atá ag fás.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
43