Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 45
Sprioc 1 – Ag Dul Chun Cinn
Leanfaidh TIBÉ leis an obair le hambasáidí chun uasoiliúint teanga, agus deiseanna FGL do mhúinteoirí a
mhéadú. Leanfaimid freisin ag cur uasoiliúint teanga ar fáil do mhúinteoirí a bhfuil cáilíocht acu i dteanga
ach nach bhfuil á teagasc faoi láthair, agus ag tairiscint scéim mhaoinithe na comhairle múinteoireachta
maidir le heasnamh sna critéir chlárúcháin do mhúinteoirí a bhfuil creidiúintí is easnamh acu chun clárú
leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Cuirfidh siad seo go mór leis an toilleadh sa chóras. Caithfear fiosrú
a dhéanamh freisin ar bhealaí chun cláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus nasc-chúrsaí a sholáthar ar
mhaithe le soláthar a dhéanamh do na teangacha curaclaim tearctheagasctha.
De réir mar a leanann an Roinn Oideachais ag cur le líon na gCúntóirí Teangacha Iasachta, leanfaidh TIBÉ
ar aghaidh ag cur acmhainní agus tacaíocht ar fáil chun rath agus feabhsú leanúnach na scéime a chinntiú
agus oibreoidh sé leis an Roinn chun cuir chuig nuálacha a fhiosrú chun cabhrú le scoileanna i gceantair
iargúlta CTI a fháil dá scoláirí. Fiosrófar freisin deiseanna chun an clár comhlántach Cúntóirí Béarla a threisiú
tuilleadh mar mhodh chun cumas teangacha iasachta a fhorbairt don earnáil oideachais agus níos faide i
gcéin. Thabharfadh an taighde tosaigh maidir leis an scéim seo le fios go bhfuil scóip ann chun cumas
teangacha a fhorbairt agus toilleadh breise a chur le gairm na múinteoireachta i gcomhthéacs an chláir
seo le torthaí a thabharfadh le tuiscint go dtéann 42% de rannpháirtithe an chláir isteach i ngairm na
múinteoireachta. D’fheabhsaigh beagnach gach duine acu a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre a
ndeachaigh siad chuici, agus dúirt 62% go mbeadh suim acu cuidiú chun na buntáistí a bhaineann le
foghlaim teangacha iasachta a chur chun cinn agus mar sin ní mór oibriú ar chórais chun an acmhainn
seo a threisiú.
Bealach chun tacú le soghluaisteacht scoláirí i gcomhthéacs malartuithe scoile is ea maoiniú Erasmus+,
agus is deis é beocht a chur i dteangacha trí ionchur agus úsáid teanga atá barántúil a chur ar fáil. Bealach
tábhachtach FGL is ea cláir soghluaisteachta múinteoirí arna n-éascú ag Erasmus+. Tosóidh TIBÉ ag bogadh
ón Maoiniú do Mhalartuithe Scoile a chur ar fáil agus déanfaidh siad scoileanna a spreagadh chun cur
isteach ar mhaoiniú Erasmus+ chun tacú leis an ngníomhaíocht thábhachtach seo. Spreagfaidh TIBÉ
múinteoirí chomh maith chun leas a bhaint as deontais i gcomhair uasoiliúint teanga.
Tá rannpháirtíocht mhaith ag múinteoirí i bPobail Chleachtais agus tá TIBÉ ag freagairt d’aiseolas ó
mhúinteoirí trí níos mó grúpaí sainspéise agus teanga a éascú. Ag dul ar aghaidh, ní mór don chomhoibriú
le páirtithe leasmhara tábhacht agus luach na líonraí d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí a threisiú agus
leanfar den fhiosrú ar chórais chun a chinntiú gur féidir leis na líonraí iad féin a choinneáil ag dul.
Leanfaidh TIBÉ ar aghaidh ag taispeáint eiseamláirí dea-chleachtais i ngach teanga agus ag soláthar
acmhainní agus ranganna teagaisc ábhartha ar theicneolaíochtaí digiteacha chun caighdeán an teagaisc
agus na foghlama a fheabhsú. Tá Intleacht Shaorga (IS) ina gné thábhachtach anois sa chomhthéacs seo,
agus táimid tiománta d’fhiosrú a dhéanamh ar úsáid na hintleachta saorga mar acmhainn chun cabhrú le
teagasc agus foghlaim NTI.
Ní mór FCÁT a leathnú agus a thabhairt isteach i mblianta luatha na hiar-bhunscolaíochta, agus mar chuid
de thabhairt isteach teangacha iasachta i gcuraclam na bunscoile. Chuirfeadh sé seo ar chumas na scoláirí
dul i ngleic leis an sprioctheanga i gcomhthéacsanna fiúntacha atá lán den ábhar, ag cur dlús le foghlaim
teanga agus as a dtiocfaidh feabhas ar inniúlacht agus líofacht teanga gan tionchar diúltach a imirt ar
fhoghlaim an ábhair. Tacóidh modheolaíocht FCÁT freisin le foghlaimeoirí le Béarla/Gaeilge mar theanga
bhreise acu rochtain a fháil ar an gcuraclam, rud a chinntíonn oideachas ardchaighdeáin dóibh agus a
laghdaíonn éagothroime.
Caithfear leanúint den chomhoibriú le páirtithe leasmhara a bhí ina ghné mhór d’obair na bliana 2024,
agus é a mhéadú, chun dea-chleachtas a roinnt agus a scaipeadh agus chun iniúchadh a dhéanamh ar
réimsí breise don fhorbairt.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
45