Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 46
Tá sé mar aidhm ag Sprioc 2 éagsúlú a dhéanamh ar na
teangacha a fhoghlaimítear, iad a mhéadú, agus teangacha
na nua-Éireannach a chur chun cinn. Tá sé seo á thabhairt
isteach ag TIBÉ trí úsáid a bhaint as múinteoirí cuartaíochta;
soláthar teangacha tearctheagasctha, agus múnlaí éagsúla
seachadta a phíolótú, amhail ranganna roinnte i measc
scoileanna, foghlaim chumaisc, gearrchúrsaí, ranganna
Idirbhliana agus Ardteistiméireachta, agus scoileanna a
spreagadh na teangacha a chuireann siad ar fáil a éagsúlú trí
scéim bhreise leithdháilte.
Cuirtear creat cuimsitheach FGL agus tacaíocht ar fáil chomh
maith chun cabhrú le múinteoirí leis seo. Tá Sprioc 2 á chur i
bhfeidhm ag leibhéal na bunscoile chomh maith tríd an
modúl samplach bunscoile, ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ a
éascú. Tugadh ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ isteach sa
scoilbhliain 2021/2022 i gcomhthéacs forbairtí ag an leibhéal
bunscoile, agus tá sé mar aidhm aige gach rud a chur i dtreo
thabhairt isteach na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam na
Bunscoile ó 2025 ar aghaidh. Cuirtear deis ar fáil do
bhunscoileanna rannpháirteacha leis an modúl chun gnéithe
d’fheasacht teanga agus chultúrtha a thabhairt isteach
taobh le foghlaim teangacha.Is gné thábhachtach den obair
seo a tugadh isteach in 2024 é uasoiliúint i dteangacha
iasachta a chur ar mhúinteoirí bunscoile.
46