Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 48
Soláthar Teangacha
Gníomhartha 2.D.4, 2.D.5, 2.E.1
2.E.3, 2.E.4, 2.F.4
Léargas ginearálta:
Tá mar aidhm ag TIBÉ éagsúlú agus méadú a dhéanamh ar roghnú teangacha trí thograí éagsúla, soláthar
múinteoirí taistil san áireamh, agus soláthar teangacha tearctheagasctha san iar-bhunscoil agus teangacha a
tugadh isteach le déanaí.
Éascaíonn TIBÉ raon múnlaí solúbtha seachadta, ranganna roinnte thar scoileanna san áireamh, foghlaim
chumaisc, gearrchúrsaí, ranganna Idirbhliana agus Ardteistiméireachta ar líne agus aghaidh ar aghaidh ar an
Satharn. Tá TIBÉ tiomanta tacaíocht, áiseanna agus deiseanna do mhúinteoirí agus scoláirí araon dul i ngleic
leis na teangacha seo agus iad a fhoghlaim.
Príomhaidhmeanna:
•
Deiseanna foghlaim teangacha, nach bhfuil ar fáil do scoláirí i scoileanna, a sholáthar, agus roghnú na
dteangacha a tugadh isteach le déanaí agus teangacha tearctheagasctha a mhéadú.
•
Cothromaíocht rochtana ar theangacha, nach bhfuil ar fáil i mórán scoileanna de bharr easpa tairseach
chriticiúil, a sholáthar, agus raon múnlaí in úsáid, foghlaim chumaisc, ranganna roinnte, ranganna ar an
Satharn agus ar líne agus córas leithdháilte breise, san áireamh.
•
Déan taighde ar na múnlaí éagsúla soláthair chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt bhreise soláthair
teangacha.
•
Tabhair deis do scoláirí, a labhraíonn teanga seachas Gaeilge nó Béarla sa bhaile, acmhainn a dteanga
bhaile agus/a dteanga oidhreachta a choinneáil agus a fhorbairt trí rochtain a thabhairt ar ranganna
Ardteistiméireachta, agus go n-aithneofaí an cumas seo, rud a thabharfaidh rochtain níos leithne ar
chonair oideachais.
•
Spreag scoileanna chun teangacha a ofráiltear do scoláirí a éagsúlú, agus chun freagracht a ghlacadh as
ábhair nua teangacha, ar bhealach a thacaíonn le inbhuanaitheacht fhadtéarmach.
•
Cuir feabhas ar cháilíocht sholáthar na dteangacha a tugadh isteach le déanaí agus teangacha
tearctheagasctha i scoileanna trí tacú le múinteoirí agus trí chuidiú leo le cur i bhfeidhm i gcreat
cuimsitheach FGL, agus meantóireacht, a thacaíonn le teagasc agus foghlaim éifeachtach,
ionchuimsitheach agus mealltach.
•
48
Tabhair deis do scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi theanga nua.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -