Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 49
Soláthar Teangacha
Oifigigh Forbartha TIBÉ
Fostaíonn TIBÉ 51 Oifigeach Forbartha chun na teangacha a tugadh isteach le déanaí, leithéidí Liotuáinis,
Mandairínis, Polainnis agus Portaingéilis a theagasc i scoileanna ar fud na hÉireann. Is múinteoirí cáilithe iad
na hOifigigh Forbartha seo a sheoltar chuig scoileanna ar bhonn taistil lasmuigh den chuóta.
Is féidir smaoineamh air seo mar nasc-chlár a chuireann ar chumas scoileanna ábhair nua teangacha a
thabhairt isteach le riosca beag agus acmhainní a chur ar fáil. Áit a bhfuil rath ar an soláthar, is féidir le
scoileanna an múinteoir a fhostú agus leithdháileadh breise in úsáid, scéim eile éascaithe ag TIBÉ, tugtar cur
síos air thíos.
Tugtar sonraí sa tábla thíos ar an líon Oifigeach Forbartha fostaithe ag TIBÉ do gach teanga, agus an líon
scoileanna a múinteoir gach teanga ann.
Teanga
Oifigeach Forbartha (Múinteoirí)
Scoileanna (seachas ranganna ar
an Satharn de chuid TIBÉ)
Sínis
6
42
Seapáinis
18
27
Cóiréis (Modúl Idirbhliana)
1
8
Liotuáinis
1
1
Polainnis
15
21
Portaingéilis
4
8
Rúisis
4
3
Rómáinis
2
N/A (Ranganna ar an Satharn amháin)
Iomlán
51
110
Soláthar Teangacha Ionscoile
Éascaíonn TIBÉ éagsúlacht na dteangacha a sholáthraítear i scoileanna trí dheis a thabhairt do scoileanna
teangacha breise a chur leis an gcuraclam gan an leithdháileadh rialta a úsáid. Cuirtear ar chumas scoileanna
mar sin teanga nua a thriail sula ngabhann siad chucu féin í. Tugtar rogha níos fearr teangacha do scoláirí, rud
a fhreastalaíonn ar ábhair spéise agus cumais éagsúla, agus tugtar aghaidh ar míchothromaíocht i soláthar
teangacha. Níl ach beagán múinteoirí ar fhoirne scoile a bhfuil de chumas acu na teangacha a tugadh isteach
le déanaí a theagasc agus tá soláthar i scoileanna ag brath ar an soláthar seachtrach seo, ar a laghad go luath
sa phróiseas agus an teanga á neadú agus á bhunú sa scoil.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
49