Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 5
Tá TIBÉ ag obair le páirtithe fosta chun an próiseas d’uasoiliúint i dteangacha iasachta a chur ar mhúinteoirí
bunscoile roimh theacht isteach Nuatheangacha Iasachta sa churaclam bunscoile. Tá traenáil leanúnach i
modheolaíochtaí nua i gcomhthéacs foghlaim chumais, foghlaim ar líne agus FCÁT, mar aon le FGL dírithe ar
theangacha, á cur ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile, rud atá ag cur le forbairt cumas luachmhar inár gcóras.
Tá TIBÉ ag leanúint le ceapadh agus cur chun cinn gníomhaíochtaí agus áiseanna a thacaíonn le soláthar
oideachais ar ardchaighdeán, a fhreastalaíonn ar riachtanais, agus a fheabhsaíonn múineadh agus foghlaim
teangacha iasachta i gcoitinne i scoileanna. Tá oideachas agus traenáil iontach, nuálaíocha riachtanach chun
sochaí chothrom agus geilleagar láidir a sheachadadh. Sa chomhthéacs seo, is maith an rud múnlaí éagsúla
soláthair a bheith á n-iniúchadh agus á gcur i bhfeidhm ag TIBÉ chun freastal ar scoláirí a bhfuil cúlraí éagsúla
teanga acu, foghlaim ar líne agus foghlaim chumaisc san áireamh.
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le TIBÉ agus leis na hoideachasóirí, riarthóirí, agus páirtithe leasmhara
díograiseacha atá tar éis obiriú gan stad gan staonadh chun tacú lenár scoláirí i gcomhthéacs rochtana ar
oideachas teangacha iasachta. Trí iarrachtaí comhoibritheacha dá leithéidí is féidir linn leanúint linn chun córas
oideachais a thógáil a fhreastalaíonn ar riachtanais gach foghlaimeora. Is iad bhur gcuid iarrachtaí bunchloch an
ratha atá orainn, agus le chéile, leanfaimid orainn ag cruthú todhchaí níos gile don oideachas in Éirinn.
Go raibh maith agaibh as bhur ndúthracht agus tacaíocht leanúnach.
Helen McEnte
Helen McEntee
Aire Oideachais agus Óige
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
5