Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 51
Soláthar Teangacha
Idirbhliain
I rith na bliana acadúla 2024-25, d’éascaigh TIBÉ ranganna teanga Idirbhliana in 82 scoil, rud a chruthaigh deis
do 7,744 scoláire Idirbhliana teanga nua a fhoghlaim. Tá suas le trí theanga i roinnt scoileanna, le tacaíocht ó
TIBÉ. Is féidir na teangacha a soláthraíodh a fheiceáil sa tábla thíos.
•
Teanga
Scoláire Idirbhliana
Scoil
Sínis
1,906
42
Seapáinis
2,177
27
Cóiréis
380
8
Liotuáinis
157
1
Polainnis
1,352
19
Portaingéilis
444
8
Rúisis
176
3
Cothaíonn na modúil teanga san Idirbhliain meas, caoinfhulaingt, agus tuiscint ar chultúir eile, rud a
chuireann le cumas níos leithne idirchultúrtha agus feasacht domhanda.
•
Chuir aoichainteoirí ó na hambasáidí agus áisíneachtaí cultúrtha cuí doimhneacht agus mealltacht leis an
eispéireas foghlama. Rinne scoláirí iniúchadh ar ábhar leithéidí cuisine, na healaíona traidisiúnta, agus
cultúr comhaimseartha, rud a chuir lena dtuiscint ar chultúr na sprioctheanga taobh amuigh den seomra
ranga.
•
Cuireadh fáilte ar leith roimh ghníomhaíochtaí ar nós cluichí, agus plé ar chultúir eile, rud a chuir
éagsúlacht agus oiriúnacht leis an eispéireas foghlama.
•
Cothaíonn ranganna i dteangacha oidhreachta do chainteoirí neamhdhúchasach in iar-bhunscoileanna
tuiscint thrasteorann agus cuimsiú. Faigheann scoláirí blaiseadh de dhearcthaí éagsúla cultúrtha nuair a
fhoghlaimíonn siad teangacha nua, rud a chuireann lena solúbthacht agus scileanna cumarsáide
idirchultúrtha.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
51