Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 52
Soláthar Teangacha
Ardteistiméireacht (Soláthar Ionscoile)
Éascaíonn TIBÉ éagsúlacht na dteangacha a sholáthraítear i scoileanna trí dheis a thabhairt do scoileanna
teangacha breise a chur leis an gcuraclam gan an leithdháileadh rialta a úsáid. Cuirtear ar chumas scoileanna
mar sin teanga nua a thriail sula ngabhann siad chucu féin í. Tugtar rogha níos fearr teangacha do scoláirí, rud
a fhreastalaíonn ar ábhair spéise agus cumais éagsúla, agus tugtar aghaidh ar míchothromaíocht i soláthar
teangacha. Níl ach beagán múinteoirí ar fhoirne scoile a bhfuil de chumas acu na teangacha a tugadh isteach
le déanaí a theagasc agus tá soláthar i scoileanna ag brath ar an soláthar seachtrach seo, ar a laghad go luath
sa phróiseas agus an teanga á neadú agus á bunú sa scoil.
Tugtar deis do scoláirí dul i ngleic le hoidhreacht shaibhir cultúrtha agus eolas a fháil ar shochaithe san Áis
nach raibh rochtain acu air roimhe seo, nuair a fhoghlaimíonn siad teangacha nach raibh ar fáil go traidisiúnta
sa churaclam Ardteistiméireachta i scoileanna in Éirinn, mar shampla Seapáinise agus Mandairínis. Tugtar deis
dóibh greim a fháil ar theanga a d’fhéadfadh rochtain a thabhairt dóibh ar fhorbairtí agus ar scileanna
teicneolaíochta a thabharfaidh taithí ar rudaí nua dóibh agus a ullmhóidh iad don chomhthéacs domhanda
taobh amuigh den Eoraip.
Spreagtar gluaiseacht i dtreo oideachais ilteangach sna ranganna i dteangacha oidhreachta agus/nó
teangacha baile a labhraíonn scoláirí ar scoil, a éascaíonn TIBÉ. Comhtháthaítear snáithe ilteangach i
sonraíochtaí agus curaclaim nua teanga, rud a spreagann scoláirí chun tarraingt ar áiseanna teanga iomadúla.
Tacaíonn an cur chuige seo le foghlaim teanga níos cuimsithí agus tá sé ag teacht le spriocanna náisiúnta
agus Eorpacha le cumas ilteangach a bhaint amach.
Cuireann tacaíocht TIBÉ do chur i bhfeidhm na teangacha seo i scoileanna, ní hamháin le héagsúlacht teanga
sa chóras oideachais na hÉireann, ach tugann sé aitheantas foirmeálta dá bhféiniúlacht teanga do chainteoirí
teangacha oidhreachta fosta. Cuireann sé seo le díograis scoláirí, neartaíonn sé scileanna liteartha, agus
tacaíonn sé le coinneáil na scoláirí seo ar scoil. Do chainteoirí teangacha oidhreachta, osclaítear deiseanna
breise oideachais nuair a bhíonn siad ábalta staidéar a dhéanamh ar a dteanga don Ardteistiméireacht, go
háirithe i gcomhthéacs rochtain a fháil ar ardoideachas de bharr iad a bheith ábalta na riachtanais iontrála a
bhaint amach.
Léirítear sa tábla thíos an líon scoláirí a dhéanann staidéar, ag leibhéal na hArdteistiméireachta, le hOifigigh
Forbartha TIBÉ.
52
Teanga
Scoláirí
Sínis
52
Seapáinis
242
Polainnis
78
Iomlán
372
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -