Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 53
Soláthar Teangacha
Gné shuimiúil de sholáthar ranganna Polainnise is ea gur thug sé deiseanna breise le haghaidh scoláirí ón
Úcráin teanga a fhoghlaim a bhfuil na struchtúir ghramadaí agus stór focal céanna acu is atá ag Úcráinis, agus
méadaíodh dá bharr sin roghanna tríú leibhéal dóibh, mar go bhfuil ábhar breise acu atá níos sothuigthe
dóibh.
Cuidíonn sé leo trí thógáil ar a gcuid scileanna teanga cheana féin nuair a fhoghlaimíonn siad Polainnis, agus
méadaítear ar a muinín i bhfoghlaim teanga go ginearálta. Agus naisc staire agus cultúir idir an Pholainn agus
a Úcráin, cuidíonn sé le scoláirí ón Úcráin a bheith níos nasctha lena gcultúr féin agus naisc thábhachtach
shóisialta a chothú sa phobal agus iad ag dul i daithi ar an saol in Éirinn, má fhoghlaimíonn siad Polainnis.
Maoiniú Tionscadail: Soláthar ionscoile Rómáinis neamhchuraclaim don
Ardteistiméireacht
Tacaíonn TIBÉ fosta le soláthar ranganna Rómáinise chun tuilleadh scoláirí a spreagadh litearthacht ina
dteanga oidhreachta nó baile a choinneáil agus a fhorbairt, trí bhíthin tacaíocht airgid do scoileanna chun
múinteoir Rómáinise a earcú áit a bhfuil tairseach chriticiúil scoláirí a labhraíonn Rómáinis ag freastal uirthi.
Sa bhlain 2024, tugadh maoiniú do thrí iar-bhunscoil i mBaile Átha Cliath, rud a chuir ar a gcumas ranganna a
thabhairt do bhreis agus 150 scoláire, agus ábhair chuí a cheannach. Thacaigh na ranganna seo le scoláirí
ullmhú le haghaidh scrúdú neamhchuraclaim Rómáinise san Ardteistiméireacht.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
53