Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 54
Soláthar Teangacha
Ranganna ar an Satharn
Éascaíonn TIBÉ ranganna ar an Satharn chun tacú le scoláirí ar mian leo teangacha curaclaim, nach múintear
chomh minic céanna a dhéanamh don Ardteistiméireacht, teangacha nach mbíonn fáil acu orthu ina
ngnáthshuíomh scoile. Lérítear sa tábla thíos na ranganna teanga agus an líon scoláirí a bhí cláraithe i mí
Meán Fómhair 2024.
Ranganna ar an Satharn
Language
Ranganna ar an Satharn
Scoláirí
Suíomh
Sínis
7
128
BÁC, Corcaigh, Ar líne
Seapáinis
6
115
BÁC, Corcaigh, Ar líne
Liotuáinis
1
38
BÁC
Polainnis
8
195
BÁC, Corcaigh, Gaillimh, Ar líne
Portaingéilis
2
41
Ar líne
Rómáinis
4
132
BÁC
Rúisis
5
99
BÁC, Gaillimh, Ar líne
Iomlán
33
748
Cuirtear ranganna ar fáil i raon teangacha ar líne agus in ionaid i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh,
de ghnáth maidin Sathairn. Freastalaíonn beagán faoi 750 scoláire orthu, i 33 grúpa ranga de scoláirí 5ú agus
6ú bliana. Tugadh isteach rang nua ar líne don Rúisis i Meán Fómhair 2024 chun freastal ar éileamh
réigiúnach. Tá éileamh mór ar Shínis fosta, agus cuireadh dhá ghrúpa don chúigiú bliain ar fáil ar líne. Cuirtear
an curaclam iomlán Ardteistiméireachta i bhfeidhm i ngach rang.
Tionchar:
•
Méadaíodh ar an líon scoláirí cláraithe don scoilbhliain 2024-25 go 748 scoláire cláraithe do ranganna ar
an Satharn, curtha ar fáil ag TIBÉ i Meán Fómhair 2024. San áireamh san uimhir seo, tá clárúcháin nua don
chúigiú bliain mar aon le scoláirí atá ag filleadh ar an 6ú bliain.
•
Tugtar deis do scoláirí rochtain a fháil ar ábhar Ardteistiméireachta nach bhfuil ar fáil ina scoileanna.
•
Tugtar rochtain ar chothromaíocht soláthair do scoláirí a bhfuil cónaí orthu i gceantar nach bhfuil mórán
daoine ina gcónaí ann, mar go gcuirtear ar a gcumas ullmhú le haghaidh teanga churaclaim nó
neamhchuraclaim nuair nach bhfuil tairseach chriticiúil ná múinteoir ar fáil.
54
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -