Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 55
Soláthar Teangacha
•
Bíonn deis ag scoláirí teanga bhreise iasachta a dhéanamh don Ardteistiméireacht, rud a bhíonn deacair
uaireanta rochtain a fháil air taobh istigh d’amchlár scoile.
•
Bíonn an deis ag scoláirí, a bhfuil teanga oidhreachta acu, tabhairt faoi ábhar don Ardteistiméireacht, a
thugann deis dóibh a gcumas i dteanga aitheanta, rud a fhágann rochtain níos leithne ar chonairí
oideachais acu.
•
Tugtar tacaíocht do scoláirí le caomhnú na teanga baile, rud a thacaíonn le folláine scoláirí, agus tionchar
aige ar thorthaí acadúla.
•
Is gné thábhachtach de na ranganna ar an Satharn é forbairt ar chumas ilteangach agus ilchultúir.
Spreagann sé seo aontacht shóisialta agus cuimsiú foghlaimeoirí teanga oidhreachta agus
neamhoidhreachta.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh ag cur ranganna ar fáil ar an Satharn i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i nGaillimh
•
Lean ar aghaidh ag leathnú ranganna ar líne chun freastal ar scoláirí nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar
ranganna ar an láthair mar gheall ar an áit a bhfuil cónaí orthu
•
Leanúint le fiosrú a dhéanamh ar mhúnlaí nuálacha soláthair chun tacú le cothabháil na teanga baile agus
le héagsúlú acmhainn teangacha iasachta
Ullmhú le haghaidh Scrúduithe Ardteistiméireachta
Mar aon leis an raon soláthar ranga, cuireann TIBÉ tacaí spriocdhírithe Ardteistiméireachta ar fáil don scoláirí. I
Samhain 2024, ghlac 82 scoláire sa chúigiú agus séú blianta páirt sa chéad sheisiún ullmhúcháin ar líne le
haghaidh scrúduithe do scoláirí Ardteistiméireachta a raibh suim acu scrúdú in ábhar teanga faoi leith a
dhéanamh, sa chás seo, Rúisis. Chlúdaigh an seisiún struchtúr an scrúdaithe Rúisise san Ardteistiméireacht,
agus bhí sé dírithe ar iarrthóirí nach raibh teagasc de dhíth orthu sa teanga, ach a mbeadh sé tairbheach
dóibh tacaíocht a fháil chun tuiscint a fháil ar struchtúr an pháipéir scrúdaithe.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh ag cur ranganna ar fáil ar an Satharn i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i nGaillimh
•
Lean ar aghaidh ag leathnú ranganna ar líne chun freastal ar scoláirí nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar
ranganna ar an láthair mar gheall ar an áit a bhfuil cónaí orthu
•
Lean le hiniúchadh a dhéanamh ar mhúnlaí nuálacha soláthair chun tacú le cothabháil na teanga baile
agus le héagsúlú acmhainn teangacha iasachta
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
55