Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 56
Soláthar Teangacha
Polainnis na hArdteistiméireachta, Tionscadal Foghlama Cumaisc
Tionscadal comhoibríoch idir Teangacha iar-bhunscoile Éireann (TIBÉ), Bord Oideachais agus Oiliúna an
Chabháin agus Mhuineacháin (CMETB), agus H2 Learning is ea Polainnis na hArdteistiméireachta, Tionscadal
Foghlama Cumaisc. Leis na comhpháirtithe seo, tá TIBÉ tar éis cúrsa iomlán Pholainnis na
hArdteistiméireachta a chur ar fáil i sé scoil de chuid CMETB trí mhúnla foghlama cumaisc. teangacha féin a
labhairt agus an cumas seo a chothabháil.
Dearadh an cúrsa le bheith múinte thar 180 uair an chloig, in dhá bhliain acadúil. Meascann sé ranganna ar
líne, ranganna féinstiúrtha agus ranganna aghaidh ar aghaidh i scoileanna rannpháirteacha.
Tá na scoileanna BOOCM a leanas tar éis páirt a ghlacadh ann ó Mheán Fómhair 2024:
•
Coláiste Dún an Rí, Dún an Rí, Co. an Chabháin
•
Coláiste Naomh Mogue, An Bábhún Buí, Co. an Chabháin
•
Coláiste Breifne, Co. an Chabháin
•
Coláiste Beech Hill, Muineachán
•
Coláiste Inver, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin
•
Coláiste Naomh Bricín, Béal Tairbit, Co. an Chabháin
Chuir CMETB gléasanna, nascacht, Microsoft 365, agus tacaíocht Microsoft Teams ar fáil chun rannpháirtíocht
na scoláirí sna ranganna ar líne a éascú. Tugann TIBÉ agus H2 Learning forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) do
mhúinteoirí foghlaim chumaisc na Polainnise. Tá FGL leanúnach tábhachtach chun scileanna cuí agus muinín
a thabhairt do ríomhMhúinteoirí chun ceachtanna a bhainistiú agus a sheachadadh go héifeachtacht, agus
an formáidí nua seo in úsáid, ina bhfuil raon straitéisí teagasc cuimsitheach a oireann do stíleanna foghlama
agus riachtanais éagsúla.
Oibríonn an cur chuige foghlama cumaisc go maith ó thaobh dhearcadh na scoláirí de. Mothaíonn siad thar a
bheith compordach leis an meascán de ranganna ar líne, ranganna ar an láthair agus gníomhaíochtaí
féinfhoghlama. Mar chuid den chur chuige cumaisc, eagraíodh lá amuigh do na scoláirí in Ionad Oideachais
agus Oiliúna Allamuigh Tanagh.
Dearadh an lá chun eispéiris foghlama thumthacha a chur ar fáil a chuirfeadh lena n-aistear foghlama teanga.
Mhothaigh na ríomhMhúinteoirí agus ríomhMheantóirí bunaithe i scoileanna go raibh ról tábhachtach ag an
lá i neartú na nasc idir iad agus a gcuid scoláirí.
56
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -