Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 57
Soláthar Teangacha
Tionchar:
•
Fuair 44 scoláire rochtain ar chúrsa foghlama cumaisc do Pholainnis na hArdteistiméireachta sa bhliain
dheireanach acadúil.
•
Fuair TIBÉ saineolas agus taithí ar mhodheolaíochtaí foghlama cumaisc a bheidh mar bhonn eolais
d’fhorbairt cúrsaí foghlama cumaisc do theangacha eile amach anseo.
•
Thug an tionscadal seo braistint do scoláirí go dtugtar dearbhú dá gcultúir agus go gcuimsítear iad
laistigh de phobal na scoile, ag aithint luach a dteanga agus a gcultúir.
•
Léirigh na scoláirí ardleibhéal suime agus spreagthacht, bhain siad sult as an eispéireas foghlama, agus
léirigh siad tiomantas don staidéar ar a dteanga bhaile.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Spreag soláthar agus cur i bhfeidhm an mhúnla foghlama cumaisc i dtuilleadh scoileanna amach anseo,
ag cur ar chumas líon sonrach cainteoirí imirce a dteanga oidhreachta a choinneál agus litearthacht a
fhorbairt ann.
•
Lean de bheith ag feabhsú an tionscadail bunaithe ar aiseolas ó na scoláirí, ríomh-mhúinteoirí, ríomhmheantóirí agus scoileanna.
•
Scéalta ratha an tionscadail a scaipeadh agus ról a thabhairt do na rannpháirtithe chun an tionscadal seo
a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara ábhartha amhail Ionaid Oiliúna agus Bhreisoideachais eile,
Ag Foghlaim le Chéile, srl.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
57