Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 6
Réamhrá do TIBÉ
Is aonad é Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (TIBÉ) atá tiomnaithe do chur chun cinn saineolais agus tacaíocht
d’oideachas teangacha iasachta in Éirinn. Faigheann TIBÉ maoiniú iomlán ón Roinn Oideachais agus bunaíodh
é ar dtús i Meán Fómhair 2000 le cúram múineadh teangacha i scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann a
éagsúlú, a fheabhsú agus a leathnú. Tá sé seo fós lárnach dá chúram agus dírítear ar fheabhsú agus leathnú a
dhéanamh ar dheiseanna atá ar fáil chun teangacha iasachta a fhoghlaim a bhaineann le riachtanais chultúrtha,
shóisialta agus eacnamaíocha na hÉireann amach anseo.
Is ann do TIBÉ chun tacú le cur i bhfeidhm príomhghníomhaíochtaí faoi ‘Languages Connect – Straitéis do
Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026’. Mar aon le gnéithe tábhachtacha an chur i bhfeidhm
a bhaineann le teangacha san oideachas, tá ról ag TIBÉ i ndaoine a chur ar an eolas, rannpháirtíocht fostóirí agus
teangacha sa tsochaí. Is cuid bhreise dá ról é taighde feidhmeach a dhéanamh a chuireann eolas ar fáil le
haghaidh polasaithe, agus a thaccaíonn leo.
Is cúram níos leithne anois é tacaíocht teangacha iasachta san earnáil bhunscolaíochta. San áireamh ann tá
soláthar modúl samplach do bhunscoileanna ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ i scoileanna, arbh é a príomhaidhm
scoileanna a ullmhú do chur i bhfeidhm Curaclaim Teangacha na Bunscoile athfhorbartha. San áireamh sa
tacaíocht do theangacha iasachta ag an mbunleibhéal, tá uasoiliúint ar mhúinteoirí bunscoile i dteangacha
iasachta, agus soláthar sraith áiseanna a thabharfaidh tacaíocht do mhúinteoirí le cur i bhfeidhm an churaclaim
nua i gcomhthéacs Nuatheangacha Iasachta.
6
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -