Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 61
Soláthar Teangacha
Leithdháileadh Breise do Scoileanna chun tacú le héagsúlú i Soláthar Teangacha
Iasachta
Ligeann leithdháileadh breise d’iar-bhunscoileanna uaireanta tiomnaithe a chur ar fáil chun teangacha agus
teangacha tearctheagasctha a sholáthar, cinn a cuireadh le curaclam na hArdteistiméireachta le déanaí, chun
críche éagsúlacht i soláthar teangacha iasachta. Don bhliain acadúil 2024/25, tá an leithdháileadh breise ar
fáil do na teangacha Iodáilis, Seapáinis, Rúisisnis, Polainnis agus Portaingéilis. Chun gur féidir scoil clárú,
caithfidh múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile a bheith ar fáil chun na teangacha a theagasc.
Sa bhliain acadúil 2024/25, fuair 17 scoil leithdháileadh breise ar uaireanta, méadú ón 14 scoil sa bhliain
acadúil 2023/24. Féach sonraí sa tábla thíos:
Teanga
Scoláirí
Sínis
6
Seapáinis
4
Liotuáinis
1
Mandairínis
1
Polainnis
4
Rúisis
1
Iomlán
17
Tá sé theanga éagsúla san áireamh sa scéim. Bhain 71 rang scoláirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain
tairbhe as an soláthar ar fud na tíre. Tugtar tacaíocht do scoileanna leis an tacaíocht ar ábhar nua trí
chuairteanna ó bhaill fhoireann Teagaisc agus Foghlama TIBÉ.
Tionchar: Leithdháileadh breise
•
Tá an líon iomlán scoileanna sa scéim tar éis méadú go 17.
•
D’fhostaigh ceithre scoil beirt mhúinteoirí: beirt don Pholainnis, duine don Iodáilis, agus duine don Liotuáinis.
•
Sna scoileanna a bhfuil leithdháileadh breise acu cheana, táthar tar éis ranganna agus bliainghrúpaí breise
a thabhairt isteach – is é 71 an líon iomlán rang scoláirí atá ag baint tairbhe as an leithdháileadh breise.
Na Chéad Chéimeanna Eile: Leithdháileadh breise
•
Déan athbhreithniú iomlán in 2025 ar an Scéim Leithdháilte Breise mar bhealach chun teangacha a
tugadh isteach le déanaí agus teangacha tearctheagasctha a neadú go hinbhuanaitheacht sa scoil agus
chun tacú le héagsúla soláthair.
•
Cuir na deiseanna i gCiorclán 0006/2020 chun cinn, agus éascaigh leithdháileadh breise do bhreis
scoileanna sa chéad bhliain acadúil eile.
•
Lean leis an tacaíocht spriocdhírithe do scoileanna.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
61