Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 64
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL)
agus Tacaí d’Oifigigh Forbartha TIBÉ
50 múinteoir TIBÉ
Gníomh. 2.E.1
2.E.5
11 seisiún FGL
Léargas Ginearálta:
Tá creataí bunaithe ag TIBÉ chun tuiscint múinteoirí ar an gcuraclam agus ar mhodheolaíochtaí a oireann do
chomhthéacsanna cur i bhfeidhm ábhar teanga nua a fhorbairt. San áireamh ann, tá soláthar forbairt
ghairmiúil leanúnach (FGL) agus seisiúin traenála, tionscadail aonair agus grúpa, cuairteanna scoile agus
breathnú ranga, pobail chleachtais, agus meantóireacht agus foghlaim féinstiúrtha chun tacú le múinteoirí
teangacha nua agus teangacha tearctheagasctha.
I rith 2024, choinnigh TIBÉ a thiomantas chun tacaíocht leanúnach a ofráil do mhúinteoirí teangacha nua
agus teangacha tearctheagasctha. Tugadh FGL in idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh agus i seisiúin ar
líne, ag tabhairt aghaidh ar raon ábhair, leithéidí dul i dtaithí ar shonraíochtaí nua teanga, AI a úsáid sa
teagasc, agus comhoibriú piara agus folláine a chur chun cinn.
Tá gá le bogadh ó FGL atá treoraithe ón lár go cur chuige comhoibrithe a fhreastalaíonn ar riachtanais
iomadúla múinteoirí, mar gheall ar chastacht a tugadh isteach in TIBÉ. Ba ghrúpa éagsúil múinteoirí a thug
isteach é i gcomhthéacs taithí sa ghnáth-theagasc agus foghlaim, taithí ar theicneolaíocht agus IS, eolas ar
chomhthéacsanna éagsúla teagaisc agus foghlaim (aghaidh ar aghaidh, ar líne, foghlaim chumaisc) mar aon
le riachtanais faoi leith i dteangacha éagsúla.
Príomhaidhmeanna:
•
Cur le soláthar teangacha agus é a choinneáil
•
Tacú le tabhairt isteach na sonraíochtaí nua teanga don Ardteistiméireacht
•
Tacú le riachtanais múinteoirí maidir le FGL, comhoibriú le piaraí agus folláine
•
Tacú le múinteoirí chun ranganna teanga a chur ar fáil i láthair go pearsanta, ar líne mar aon le ranganna
cumaisc
•
Tabhair aghaidh ar na riachtanais atá á bhforbairt maidir le AI a úsáid sa teagasc agus san fhoghlaim
Gníomhaíocht:
I rith 2024, d’eirigh le Oifigigh Forbartha TIBÉ fás sonrach gairmiúil a bhaint amach trí FGL agus togtra
comhoibrithe. Ina measc bhí:
64
•
Ionduchtú agus traenáil do mhúinteoirí nua
•
Dearadh agus cur i bhfeidhm triailscrúduithe
•
Rannpháirtíocht i gcruinnithe SLAR
•
Imeachtaí agus ceardlanna scoilbhunaithe
•
Áiseanna a chruthú chun cur le taithí scoláirí ar na teangacha a tugadh isteach le déanaí
•
Seisiúin Phobail Chleachtais teanga-dhírithe
•
Seisiúin FGL teanga-dhírithe
•
Meantóireacht leanúnach
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -