Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 69
•
Éascú ar an bpróiseas ionduchtaithe d’fhoireann teagaisc ón Institiúid Confucios ar cuairt in Ollscoil na
hÉireann, Corcaigh, agus cuairt agus seimineár a éascú le mic léinn ar an gcúrsa MA i dTeagasc na Sínise i
gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
•
Soláthar FGL agus tacaíocht ghairmiúil do mhúinteoirí inseirbhíse agus d’ábhair oidí in OTM.
Tionchar:
•
Chríochnaigh 16 múinteoirí an clárú in 2024 (2 tSeapánaigh, 6 Sínigh, 7 ón bPolainn, 1 ón bPortaingéil).
•
Tá cúigear múinteoirí faoi láthair ag dul trí phróiseas ionduchtaithe Droichead.
•
Aitheantas feabhsaithe do mhúinteoirí atá cáilithe go hidirnáisiúnta, rud a chothaíonn deiseanna le
haghaidh comhtháthú agus seasmhacht poist amach anseo.
•
Inbhuanaitheacht feabhsaithe ar sholáthar teanga trí mhúinteoirí cáilithe a aimsiú, rud a chinntíonn go
mbeidh na hábhair seo ar fáil i scrúduithe stáit, mar aon le rannpháirtíocht láidir i measc scoláirí a
choinneáil.
•
Folláine feabhsaithe i measc múinteoirí mar gheall ar rochtain a fháil ar chlárú.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh ag tacú le múinteoirí clárú a chríochnú agus le hionduchtú.
•
Mol athruithe i gcritéir Droichead chun comhthéacsanna éagsúla teagaisc a léiriú, mar shampla
cuairteanna agus foghlaim chumaisc, agus chun cáilíochtaí idirnáisiúnta a aithint.
•
Leathnaigh deiseanna chun forbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanamh chun tacú le múinteoirí teangacha
a tugadh isteach le déanaí.
•
Comhoibrigh le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar bhaic chórasach ar sholáthar múinteoirí,
ar chlárú agus ar fhostaíocht.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
69