Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 7
Foireann TIBÉ
Is foireann saineolaithe éagsúla é TIBÉ a chuireann tionscadail ar fáil ar ardchaighdeán in oideachas
teangacha iasachta agus i ndaoine a chur ar an eolas. Tá cur amach ar TIBÉ don ghairmiúlacht, nuálaíocht,
ilchumas, agus eitic láidir oibre. Tacaíonn an fhoireann le raon leathan páirtithe leasmhara, rannóga rialtais,
áisíneachtaí oideachais, scoileanna agus múinteoirí san áireamh agus go leor páirtithe eile.
Cairt Foirne TIBÉ
-
Foireann éagsúil, breisithe and leathnaithe a fhostú, a léiríonn dea-chleachtas in Éagsúlacht, Cothromas
agus Cuimsiú (ÉCC)
-
Eagraíocht a éascú ina bhfuil cothromaíocht measa ar roil agus scileanna éagsúla
-
Cinntiú go bhfuil meas ar gach ball, go gcuirtear san áireamh iad agus go dtacaítear leo ina gcuid oibre
-
Cinntiú go bhfuil guth ag gach ball, agus go bhfuil fáilte roimh a chuid smaointe agus tuairimí gan eagle
roimh chómhaslú
-
Meas ar éagsúlacht teangacha agus cultúir agus iad a chur chun cinn
-
Oibriú le chéile ar bhealach cruthaitheach, solúctha agus fuinniúil, ag táirgeadh obair thapa ar
ardchaighdeán
-
Gaiscí oibre a aithint, cumarsaáid a chur chun cinn, dea-chleachas a aithint, spriocanna/aidhmeanna a
leagan amach, soiléire a thabhairt maidir le hionchais eagraíochta, a bheith oscaile d’aiseolas agus
glacadh leis, bealaí inar féidir le TIBÉ tacaíocht do bhaill fhoirne a fheabhsú a aithint.
In 2024, bhí 24 ball foirne ar an gcroífhoireann. Ar fhoireann TIBÉ tá Comhairleoir Seapáinise, ar iasacht ó
Fhondúireacht na Seapáine. Anuas air sin, fostaíonn TIBÉ seisear Oifigeach Forbartha don tSínis, seachtar déag
don tSeapáinis, duine amháin don Chóiréis, ceathrar déag don Pholainnis, beirt don Liotuáinis, ceathrar don
Portaingéilis, beirt don Rómáinis agus cúigear don Rúisis, múinteoirí cáilithe a úsáidtear i scoileanna agus le
haghaidh ranganna ar an Satharn.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
7