Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 71
Seapáinis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
I mBaile Átha Cliath, d’fhoghlaim scoláirí Seapáinis agus faoin gcultúr. Bhain siad triail as manga Seapánach,
drumadóireacht Taiko, bhí lá spóirt Seapánach acu, thriail siad origami agus bhain siad sult as turas chuig na
Gairdíní Seapánacha ag Graí Náisiúnta na hÉireann. Bhí taibhiú Taiko acu ar an lá deireanach.
Polainnis sa Chabhán
Sa Chabhán, bhí ábhar éagsúil acu gach lá, ina measc Nicoluas Copernicus, mná cáiliúla na Polainne, ealaíontóir
Jan Matejko; lá spóirt agus cuir i láthair ar lúthchleasaithe na Polainne, filí náisiúnta, scannáin Polannacha, agus
mar sin de. Bhí picnic acu ar an lá deireanach, cluichí, both grianghraf, teastais agus duaiseanna.
Liotuáinis i Muineachán
Rinne scoláirí iniúchadh ar mhiotaseolaíocht, stair, traidisiúin, ceol agus damhsa, rinne siad t-léinte, agus chuir
siad éadaí traidisiúnta orthu féin, bhain siad triail as potadóireacht, bhí seisiúin chócaireachta acu, lá spóirt,
d’fhéach siad ar scannán Liotuáinise, chuaigh siad chuig músaem na ndaoine agus chuir siad fáilte roimh
ambasadóir na Liotuáine.
Campa
Samhraidh
Sínise
71