Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 75
An Modúl ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ do Bhunscoileanna
88,400 Páiste Bunscoile
1,350 Soil
15 Theanga
Say
Gníomh 2.E.1
2.E.3
Yes to Languages
Léargas ginearálta:
Modúl samplach is ea ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’, atá ina cheathrú bliain anois. Cuireann sé deis ar fáil do
bhunscoileanna rannpháirteacha gnéithe d’fheasacht teanga agus chultúrtha a thabhairt isteach taobh le
foghlaim teangacha.
Cuirtear na ranganna seo ar fáil thar deich seachtaine ag múinteoirí ranga nó teagascóirí ar cuairt ag obair i
gcomhar lena múinteoirí óstacha. Roghnaíonn scoileanna teanga bunaithe ar acmhainn teagaisc,
déimeagrafaic, nó tosca ábhartha eile.
Tugtar faoin modúl seo ar feadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine, laistigh de ghnáth-am ranga. Chun
dul i ngleic leis an éileamh ar oiliúint, acmhainní agus teagascóirí, cuirtear an modúl i bhfeidhm i scoileanna
thar dhá théarma acadúla. Tá sé ar fáil faoi láthair do pháistí ó rang 3 go rang 6. Is é €500 in aghaidh an
tseomra ranga an deontas a íoctar le scoileanna, le huasmhéid €2,000 ann in aghaidh na scoile.
Príomhaidhmeanna:
•
Tarraing aird ar an raon teangacha a úsáideann a bpiaraí, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ina
measc, ina scoileanna agus ina bpobail, rud a d’fhéadfadh tacú le tuilleadh cuimsithe agus tuiscint ar
éagsúlacht sa phobal.
•
Spreag roghnú teangacha san iar-bhunscoil.
•
Cuir deiseanna ar fáil do bhreis comhoibrithe i bpobal na scoile maidir le ceiliúradh a dhéanamh ar
theangacha agus ar chultúir.
•
Tacú le tabhairt isteach Languages Connect, Straitéis do Nuatheangacha Iasachta san oideachas in Éirinn
2017-2026.
Gníomhaíocht:
Le linn 2024, lean TIBÉ ag leathnú ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’. Tá breis is 1,300 bunscoil cláraithe anois.
D’fhág sé sin go raibh breis agus 88,000 páiste ar fud na tíre páirteach sa mhodúl le linn na scoilbhliana
2024/25. Bhí méadú de thart ar 150 scoil ann ón mbliain roimhe, agus rinneadh cuid mhaith scoileanna
athiarratas don dara nó don tríú bliain. Ghlac thart ar 400 scoil páirt ann den chéad uair i 2024.
Bainistíonn TIBÉ na híocaíochtaí deontais do na scoileanna; cló agus seachadadh na n-áiseanna go dtí na
scoileanna rannpháirteacha; éascú na seisiún oiliúna do theagascóirí, príomhoidí, agus múinteoirí ranga;
cabhraíonn siad le scoileanna teacht ar theagascóirí; cuireann siad suirbhé ar phríomhoidí, múinteoirí agus
teagascóirí chun aiseolas a fháil; cuireann siad feasacht ar an modúl chun cinn trí phromóisean; agus
bainistíonn siad ceisteanna laethúla a bhaineann leis an modúl.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
75