Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 78
Riachtanais Uasoiliúna a Aithníodh
Sa scoilbhliain 2023/2024, bhí méadú suntasach ar líon na múinteoirí ranga a chláraigh chun an modúl a
sholáthar ina scoileanna. D’ardaigh sé go breis is 200, níos mó ná méadú faoi dhó ar uimhreacha na bliana
roimhe. San aiseolas a bailíodh ó scoileanna agus múinteoirí a ghlac páirt sa chéad trí bliana dá chur i
bhfeidhm, aithníodh sainriachtanais don uasoiliúint in inniúlacht teangacha iasachta. Chuir foilsiú
Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta 2023 leis na hiarratais do dheiseanna uasoiliúna dá leithéid.
Chun aghaidh a thabhairt ar an riachtanas aitheanta seo, i rith an cheathrú bliain de Cuir Fáilte Roimh
Theangacha, gheall TIBÉ deiseanna oiliúna i dteangacha a thriail do mhúinteoirí bunscoile. Tugtar sonraí
iomlána den scéim phiolótach sa chéad roinn eile.
Caidreamh le Páirtithe Leasmhara
Lean an caidreamh le páirtithe leasmhara cuí, mar shampla:
•
Comhoibriú leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) maidir leis an
tacaíocht chéanna a thabhairt do Ghaelscoileanna is a thugtar do scoileanna T2.
•
Comhoibriú leis an gComhairle Náisiúnta Churaclaim agus Measúnachta (CNCM) le haghaidh cruthú
áiseanna le dul le foilseachán le haghaidh comhairliúcháin den dréacht-shonraíocht do Nuatheangacha
Iasachta (NTI), san áireamh i gCuraclam Teanga na Bunscoile athfhorbartha.
•
Comhoibriú le foireann bhunscoile Oide, i gcomhthéacs áiseanna agus tacaí a chur ar fáil do mhúinteoirí
bunscoile agus bunscoileanna do chur i bhfeidhm na sonraíochta NTI amach anseo.
•
Tá taithí phearsanta scoileanna agus múinteoirí a ghlac páirt in Cuir Fáilte Roimh Theangacha á roinnt go
fóill i sraith alt foilsithe ag INTO san iris InTouch.
Tionchar:
78
•
Méadú 12.5% ar an líon scoileanna rannpháirteach, ó 1,200 go 1,350 scoil
•
Méadú 5% ar an líon páistí go 88,400
•
Méadú 17% ar an líon múinteoirí bunscoile a thugann an modúl, go breis agus 200
•
1,200 múinteoir agus príomhoide a d’fhreastail ar sheisiúin oiliúna agus eolais
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -