Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 88
Múinteoirí bunscoile – Uasoiliúint Píolótach i dTeangacha Iasachta
116 múinteoir rannpháirteach
14 sholáthraí cúrsa
Gníomh 2.B.4
6 theanga
Léargas ginearálta:
Thairg an uasoiliúint Píolótach i dTeangacha Iasachta, raon roghanna cúrsaí in uasoiliúint teanga do
mhúinteoirí bhunscoile cláraithe. Tá an uasoiliúint phíolótach i dTeangacha Iasachta do mhúinteoirí bunscoile
suite i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Chreat Curaclaim Bunscoile (CNCA, 2023) agus an Curaclam Teanga
Bunscoile athfhorbartha (CNCM, 2024). San áireamh sa churaclam athfhorbartha tá sonraíocht
Nuatheangacha Iasacht, rud a aibhsíonn an bhéim, atá ag fás, ar oideachas ilteangach.
Príomhaidhmeanna:
Ba iad seo thíos na haidhmeanna a bhain leis an uasoiliúint phíolótach do bhunscoileanna:
•
Roghanna uasoiliúna teanga do mhúinteoirí cláraithe bunscoile a thriail, tar éis iniúchóireacht ar chumas
teangacha, a rinneadh i 2023.
•
An fhéidearthacht deiseanna uasoiliúna a nascadh le maoiniú Erasmus+ a iniúchadh
•
Meicníochtaí a chruthú, agus moltaí a dhéanamh, le haghaidh soláthair uasoiliúna amach anseo.
Gníomhaíocht:
Chun acmhainn agus riachtanais múinteoirí bunscoileanna a mheas, rinne TIBÉ iniúchóireacht i measc
múinteoirí inseirbhíse agus ábhair oidí cláraithe ar na cúrsaí Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) agus Céim
Bhaitsiléara in Oideachas (B.Ed). Bunaithe ar thorthaí na hiniúchóireachta, rinne TIBÉ teagmháil le soláthróirí
cúrsaí oiliúna teanga, agus chomhoibrigh siad le múinteoirí bunscoile chun clárú ar chúrsa dá rogha féin. I
measc na dteangacha bhí Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis, teangacha a bhfuil an céatadán
acmhainne is airde acu i measc múinteoirí agus, mar aon leis na ceithre theanga thuas, cuireadh Sínis agus
Seapáinis san áireamh chun na riachtanais shonracha uasoiliúna i dteangacha na hÁise a mheas. Ba é cumas
teanga na múinteoirí ag tús na gcúrsaí ná idir réamh-A1 go B1. Bhí modh seachadta éagsúil i ngach cúrsa
uasoiliúna, le rogha idir aghaidh ar aghaidh, ar líne nó cumaisc, agus tugadh cúrsaí i leibhéil suas go leibhéal
B1.2 i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
Le linn 2024, sheol TIBÉ uasoiliúint phíolótach i dteangacha iasachta do mhúinteoirí bunscoile. Ar an iomlán,
ghlac 116 múinteoir páirt ann i raon 14 chúrsa.
I gcomhpháirt le raon soláthróirí cúrsaí, d’ofráil TIBÉ raon múnlaí soláthair don uasoiliúint, ina measc:
•
Aisíocaíocht i dtreo costais cúrsa teanga, aitheanta ag múinteoirí, in Éirinn nó thar lear;
•
Aisíocaíocht i dtreo costais cúrsa a thugann na hInstitiúidí Cultúrtha;
•
Cúnamh deontais do na hIonaid Tacaíochta Oideachais chun cúrsaí a chur ar fáil, éascaithe ag múinteoirí
bunscoile nó iar-bhunscoile;
88
•
Cúnamh deontais i dtreo chostas cúrsaí a thugann na hInstitiúidí Ardoideachais in Éirinn;
•
Cúrsaí éascaithe ag an gComhairleoir Seapáinise (Fondúireacht na Seapáine) ar iasacht go TIBÉ;
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -