Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 89
•
Cúrsaí curtha ar fáil ag Oifigeach Forbartha Sínise; agus
•
Rochtain ar mhaoiniú Erasmus+ don tsoghluaiseacht agus do chúrsaí thar lear.
Caidreamh le Páirtithe Leasmhara:
Rinne TIBÉ taighde ar sholáthraithe cúrsa, rogha cúrsaí agus costais choibhneasta, in Éirinn agus thar lear.
Rinne TIBÉ teagmháil leis na hinstitiúidí cultúrtha don Fhraincis, don Ghearmáinis, don Iodáilis agus don
Spáinnis, (Alliance Française Baile Átha Cliath agus Corcaigh, Goethe Institut, Istituto Italiano di Cultura Baile
Átha Cliath agus Instituto Cervantes), mar aon le dhá Ionad Tacaíochtaí Oideachais (Cill Dara agus Baile Átha
Cliath Thiar) agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí deiseanna ar fáil do chúrsa uasoiliúna, tugtha ag
Oifigigh Forbartha TIBÉ, an Chomhairleoir Fhondúireacht Seapáinise, agus scoileanna teanga eile, in Éirinn
agus thar lear. Beidh gá le breis teagmhála agus tacaíochta le himeacht ama don fhéidearthacht tarraingt ar
mhaoiniú Erasmus+.
Critéir do cháilitheacht rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gcúrsaí:
Ba iad seo a leanas na riachtanais le haghaidh rannpháirtíocht san uasoiliúint phíolótach:
•
Is múinteoir bunscoile cláraithe é/í an t-iarrthóir;
•
Tá sé curtha in iúl ag an iarrthóir don phríomhoide scoile (más cuí);
•
Tá geallta ag an iarrthóir féinmheasúnú a dhéanamh ar a leibhéal cumais sa teanga a gcuirfidh siad
isteach uirthi, agus go gcláróidh sé/sí do chúrsa cuí bunaithe ar an measúnú sin; agus
•
Geallann an t-iarrthóir go gcuirfidh sé/sí fianaise ar fáil don teastas ceann cúrsa eisithe ag an soláthraí
cúrsa.
Bhí mar aidhm sa leagan píolótach sprioc 100 múinteoir cláraithe rannpháirteach i gcúrsa a shárú. Rinne TIBÉ
teagmháil leis na 136 scoileanna a chuir in iúl go n-úsáidfidís múinteoirí foirne chun an modúl Cuir Fáilte
Roimh Theangacha a thabhairt. Chuir 169 múinteoir san iomlán an suirbhé féinmheasúnaithe, agus tugadh
rogha cúrsaí dóibh, bunaithe ar a gcumas féinmheasúnaithe.
Anuas air sin, ofráladh trí chúrsa do gach múinteoir cláraithe ar fud na tíre, is cuma má bhí a scoil páirteach in
Cuir Fáilte Roimh Theangacha nó nach raibh: Iodáilis do Thosaitheoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh,
Seapáinis via an Chomhairleoir Fhondúireachta Seapáinis agus Sínis via Oifigeach Forbartha TIBÉ.
Is féidir an líon iomlán múinteoirí a ghlac páirt i gcúrsa uasoiliúna teanga a fheiceáil thíos:
Teanga
Institiúid
Cúrsa
Ionad
Scoil Eile Cúrsa
Chultúrtha Ollscoile Oideachais Teanga Thar Lear
Fraincis
29
Gearmáinis
2
2
Spáinnis
5
9
Iodáilis
1
Oifigeach
Forbartha
TIBÉ
4
4
2
20
50
51
9
Sínis
3
37
Iomlán
29
Seapáinis
Iomlán
Comhairle
oir Teanga
50
11
4
2
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
3
9
3
9
116
89