Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 92
Sprioc 2 - Ag Dul Chun Cinn
Léiríonn obair TIBÉ maidir le tacú le héagsúlú an tsoláthair teangacha go dtacaíonn réimse
múnlaí éagsúla le scoláirí a bhfuil riachtanais éagsúla acu ó chomhthéacsanna éagsúla. I
gcásanna áirithe, oibríonn na ranganna atá sceidealaithe laistigh den amchlár rialta go
maith agus tá cohórt múinteoirí fostaithe ag scoileanna atá in ann leas a bhaint as an scéim
leithdháilte breise, spreagadh do scoileanna chun soláthar teangacha a éagsúlú. Cuireann
úsáid múinteoirí cuartaíochta lasmuigh den chuóta deis ar fáil do scoláirí ó dhá scoil nó
níos mó chun rochtain a fháil ar ranganna nach mbeadh ar fáil seachas sin, agus tugann sé
am do scoileanna chun ábhar teanga nua a thriail le riosca teoranta toisc go mbíonn na
múinteoirí fostaithe ag TIBÉ agus tacaíonn siad leo.
Áit nach mbíonn fáil ar theangacha a cuireadh leis an gcuraclam le déanaí agus cinn nach
múintear go minic i scoileanna toisc nach leor líon na scoláirí chun tairseach chriticiúil a
bhaint amach, cuireann ranganna ar an Satharn agus ranganna ar líne leis an gcothroime
agus cuireann siad modh soláthair ar fáil atá cost-éifeachtúil. Is féidir le scoláirí a bhfuil suim
acu sa sprioctheanga dul i ngleic léi agus cuireann na ranganna deis ar fáil do scoláirí ag a
bhfuil teangacha oidhreachta pointí Ardteistiméireachta a ghnóthú, pointí a d’fhéadfadh
difear suntasach a dhéanamh do na conairí atá ar fáil dóibh ag an tríú leibhéal agus ina
dhiaidh sin.
Oibríonn foghlaim chumaisc go maith i mBord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus
Mhuineacháin, áit a bhfuil fonn comhoibrithe ar roinnt scoileanna. Bíonn Boird Oideachais
agus Oiliúna in ann ranganna a sceidealú ag an am céanna agus comhroinnt múinteoirí a
éascú. Roinneann siad córais TF a thacaíonn le soláthar ghné ar líne an chúrsa. Mar sin,
táthar ag súil go mbeidh fáil ar an múnla cumaisc soláthair i scoileanna i níos mó de na
Boird Oideachais agus Oiliúna, rud a ligfeadh do líon suntasach cainteoirí imirceacha
Polainnise litearthacht a choinneáil ina dteanga bhaile.
Is deacair a fheiceáil conas a thacódh múnla amháin soláthair agus fostaíochta múinteoirí
le cur i bhfeidhm na straitéise. Níl múnlaí soláthair nuálacha agus malartacha ar nós
foghlaim chumaisc agus ranganna ar líne oiriúnach do gach comhthéacs agus teastaíonn
go leor ama chun na múinteoirí a oiliúint san oideolaíocht atá de dhíth.
Leanfaidh TIBÉ ar aghaidh ag fiosrú roghanna éagsúla maidir le soláthar teangacha agus
leanfaidh siad ar aghaidh ag cur oiliúint bhreise agus FGL ar fáil chun tacú le comhtháthú
múinteoirí na dteangacha seo chun a chinntiú go bhfuil modheolaíochtaí teagaisc
oiriúnach don fheidhm. Déanfaidh TIBÉ fiosrú freisin ar roghanna breise chun tacú le
92
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -