Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 94
Lárnach i Sprioc 3, tá feachtas feasachta Languages Connect,
éascaithe ag TIBÉ. Cuireann an feachtas daoine ar an eolas
faoi na buntáistí cultúrtha, sóisialta, gairme agus pearsanta a
thugann foghlaim teangacha don duine trí oibriú le go leor
páirtithe leasmhara san oideachas agus i réimsí eile.
Mar aon leis na páirtithe seo, cuireann TIBÉ foghlaim teanga
chun cinn i raon cainéal, in eagrú agus maoiniú imeachtaí,
#ThinkLanguages san áireamh. Tugann siad amach bileoga
clóite, agus sa chur chun cinn ar líne, ag díriú ar raon leathan
lucht éisteachta.
Cuireann TIBÉ daoine ar an eolas faoi na tacaí a ofrálann siad
maidir le soláthar teangacha do pháirtithe leasmhara, agus ár
gcainéil féin agus cainéil chumarsáide ár bpáirtithe in úsáid
againn chun é seo a dhéanamh. Cuireann TIBÉ le
nuachtlitreacha ár bpáirtithe leasmhara go rialta, cinn INTO,
Oide, NAPD, CareersPortal, Fiontraíocht Éireann agus an Mol
Digiteach san áireamh. Méadaítear ar fheasacht an lucht léite
maidir le hobair TIBÉ dá mbarr, rud a chinntíonn go bhfuil na
spriocghrúpa ar an eolas faoi na tacaí agus áiseanna atá ar
fáil dóibh.
94