Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 96
Seachtain #ThinkLanguages
17,500 Students
200+ schools
Gníomh: 3.A.1-8
3.B.1
10 Universities
14 Cinemas
Léargas ginearálta:
Is féile bhliantúil teangacha agus cultúr don Idirbhliain é #ThinkLanguages a bhíonn ar siúl i scoileanna ar fud
na tíre, éascaithe ag TIBÉ. San áireamh tá meascán ceardlanna idirghníomhacha, cainteanna spreagúla,
tráthanna spraíúla na gceist agus gníomhaíochtaí. Ó bhí an chéad imeacht ar siúl sa bhlain 2018, tá sé tar éis
athrú agus leathnú as cuimse. In 2024, lean #ThinkLanguages mar cheiliúradh seachtaine, agus thug páirtithe
deiseanna breise do scoláirí an spraoi a bhaineann le foghlaim teangacha a bhlaiseadh i raon
comhthéacsanna ar fud na tíre.
Príomhaidhmeanna:
•
Déan ceiliúradh le chéile ar theangacha i
pearsanta, sóisialta, gairmiúil agus cultúrtha a
eagraíochtaí eile a thacaíonn le teangacha
bhaineann le foghlaim teanga.
•
Spreag scoláirí na hIdirbhliana teangacha a
Tacaigh le múinteoirí teangacha sa scoil a léiriú
roghnú sa tSraith Shinsearach agus san
agus a thaispeáint cad a ofrálann teangacha
oideachas tríú leibhéal.
lasmuigh den seomra ranga.
•
Cuir cuimsiú chun cinn, mar aon leis an tairbhe
scoileanna, in institiúidí ardoideachais agus in
iasachta ag leibhéal náisiúnta.
•
•
•
Déan teagmháil leis an bpobal áitiúil chun iad a
Spreag scoláirí Idirbhliana, agus meall iad, faoi
chur ar an eolas faoin tairbhe a bhaineann le
theangacha agus cultúir thart orthu sa phobal
scileanna teanga.
níos leithne agus ar fud an domhain.
Gníomhaíocht:
Ar siúl anois le seacht mbliana, tharla Seachtain #ThinkLanguages i scoileanna, in ollscoileanna agus in ionaid
eile ar fud na tíre ón Luan 18 Samhain go dtí an Aoine 22 Samhain 2024. Bhí breis agus 200 scoil páirteach san
imeacht suaitheanta seo, agus breis agus 17,500 scoláire Idirbhliana ag déanamh ceiliúradh ar theangacha
agus ar chultúir ina scoil agus ina gceantar.
Tacaíocht Áiseanna agus Múinteoirí
Bhí seisiúin eolais ar líne agus Pobail Chleachtais do mhúinteoirí ar siúl i Meán Fómhair agus Deireadh
Fómhair chun ionchur agus tacaíocht maidir le bainistíocht tionscadail na féile i scoileanna, agus chun deis a
thabhairt smaointe agus eispéiris ar fhéilte roimhe seo a roinnt. Do na daoine nach raibh ábalta freastal ar na
cruinnithe seo, roinneadh sraithe físeáin Noda do Mhúinteoirí ar líne.
Tharla clár iomlán cumarsáide le scoileanna idir Meán Fómhair agus mí na Nollag ar shuíomh gréasáin
Languages Connect, ar chainéil meán sóisialta, ar ghrúpa faoi leith Facebook, agus cumarsáid leanúnach ar
ríomhphost ag cur scoileanna ar an eolas maidir le spriocdhátaí cláraithe, imeachtaí á dtairiscint ag páirtithe,
fáil ar áiseanna agus sonraí comórtais. Cuireadh pacáistí tosaigh clóite chuig scoileanna, lámhleabhar agus
póstaeir bholscaireachta san áireamh. Fuair siad pacáistí iomlána imeachta fosta, saincheaptha don líon
scoláirí rannpháirteacha sa scoil.
96
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -